Oideachas lán-Ghaeilge – Easnaimh, Dúshláin agus Deiseanna
I ndiaidh roinnt blianta d’achainí ar an Roinn Oideachais, tá an-áthas ar Gaeloideachas go bhfuil tús curtha le forbairt pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge.
“Céim fíorthábhachtach is ea forbairt pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. “An dóchas atá againn ná go dtabharfaidh an polasaí seo cothrom na féinne do dhaoine atá ag obair san earnáil agus do na daltaí/scoláirí ó thaobh infreastruchtúr tacaíochta. Tríd an bpolasaí seo, tá súil againn go soiléireofar fís agus uaillmhian an Stáit i leith an oideachais lán-Ghaeilge. Anois an t-am don phobal a chinntiú gur polasaí láidir, tacúil a bheidh ann d’fhorbairt na naíonraí agus na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht”.
Tá an 16 Eanáir leagtha amach mar spriocdháta ag an Roinn do na suirbhéanna agus aighneachtaí ón bpobal. Diúltaíodh áfach d’iarratas Gaeloideachas an spriocdháta a shíneadh go dtí an 28 Feabhra. “Creidim nach leor an tréimhse ama atá tugtha don chéim tábhachtach seo sa phróiseas comhairliúcháin ar go leor cúiseanna, ina measc go dtiteann tréimhse na Nollag lena linn agus nach bhfuil torthaí ar fáil go fóill ar dhá mhór-phíosa oibre atá le cur i gcrích maidir le grúpaí leochaileacha san earnáil, sin iad na naíonraí agus na haonaid. Tá mapáil le cur i gcrích go fóill ar earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge agus tá togra mór taighde idir lámha faoi na h-aonaid lán-Ghaeilge. Tá naíonraí mar bhunchloch na hearnála agus tá ceist na n-aonad lárnach don chomhairliúchán seo; gan na torthaí sin ar fáil, ní féidir dul i ngleic leis an suirbhé nó aighneachtaí mar is ceart”.
Tá moladh curtha ag Gaeloideachas faoi bhráid na Roinne go reáchtálfaí cruinnithe eolais poiblí roimh an 16 Eanáir, ar nós mar a rinneadh d’fhorbairt pholasaí don Oideachas Gaeltachta, chun réimse an pholasaí a phlé agus chun an pobal a ghríosadh le bheith rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin.
Tá tús curtha le plean comhairliúcháin Gaeloideachas atá ag díriú ar na spriocphobail éagsúla. “Tá i gceist againn ár bplean comhairliúcháin a rith i gcomhar agus go comhthreomhar le plean eagrais Gaeilge agus oideachais eile agus go mbeidh sé comhlántach le plean na Roinne ar mhaithe le rannpháirtíocht láidir i bhforbairt pholasaí atá criticiúil d’fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge”.
Críoch
Nótaí don eagarthóir
Teagmháil Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach| blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | 086-8050335 Mícheál S. Mac Donnacha, Uachtarán | uachtaran@gaeloideachas.ie | 087-2891544 |
|
Gaeloideachas |