Oideachas Speisialta
Fís Gaeloideachas ná go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar oideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí. Tacaíonn muid le naíonraí agus scoileanna ina gcuid oibre le bheith ionchuimsitheach agus freastal cuí a dhéanamh ar gach páiste, cuma cé na riachtanais oideachais atá acu.
Freastalaíonn naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge ar pháistí faoi mhíchumas fisiciúil agus faoi mhíchumas intleachta go rialta; daltaí le deacrachtaí radhairc agus éisteachta, neamhoird de chuid speictream an uathachais, disléicse, agus riachtanais speisialta oideachais eile. Tá cead á thabhairt do roinnt scoileanna lán-Ghaeilge aonaid speisialta a oscailt le freastal ar pháistí le riachtanais bhreise. Cuirtear na tacaíochtaí céanna ar fáil do pháistí le RSO sna naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge is a chuirtear ar fáil in aon naionra nó scoil príomhshrutha eile. Gheobhaidh tú léargas ar obair Gaeloideachas sa réimse seo trí cliceáil ar na ceannteidil thíos.
Maítear nach ndéanann an t-oideachas dátheangach aon dochar do pháistí le riachtanais speisialta oideachais agus dearbhaítear an méid seo ina thaobh:
‘Bilingual education…does no harm and clearly does contribute to social-emotional and interpersonal growth’ – Tuairisc NCSE, 2011
Coiste Comhairleach Gaeloideachas ar Oideachas Speisialta
Tá coiste comhairleach curtha le chéile ag Gaeloideachas le clár oibre na heagraíochta i réimse na riachtanas speisialta oideachais a threorú. Tá neart idir lámha ag an ngrúpa seo a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu feasacht i leith RSO san earnáil a ardú móide stocaireacht a dhéanamh ar son seirbhísí tacaíochta agus acmhainní cuí. I measc shainchúraimí an choiste seo, áirítear:
- riachtanais pháistí le RSO sa chóras lán-Ghaeilge, agus na struchtúir thacaíochta le dul i ngleic le dúshláin;
- feasacht a ardú i measc lucht déanta beartais maidir le páistí le RSO agus struchtúr tacaíochta cuí do scoileanna agus a gcuid pobail;
- réimsí oiliúna de dhíth ag an earnáil agus saineolaithe feiliúnacha a aithint;
- bunachar sonraí a fhorbairt de shaineolalaithe agus cleachtóirí móide taighde ábhartha san earnáil ar réimsí leathan ábhair;
- pleanáil agus reáchtáil seimineár agus comhdhálacha RSO, i gcomhar le páirtnéirí eile;
- aighneachtaí a ullmhú don ROS agus don Chomhchoiste Oideachais i leith riachtanais agus dúshláin na hearnála.
Is iad seo a leanas baill reatha an Choiste Chomhairligh:
- Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Príomhoide Gaelscoil Bhaile Brigín (Cathaoirleach)
- Anna Ní Chartúir, Scoil Sailearna
- Bláthnaid ní Ghréacháin, Gaeloideachas
- Ciara Ní Bhroin, Gaeloideachas
- Máire Ní Mhaoileoin, Scoil Neasáin
- Máire Ní Mhurchadha, Coláiste Cholmcille
- Máire Nic an Rí, COGG
- Ríona Ní Shúilleabháin, Gaelscoil Bhaile Brigín
Cur i Láthair Comhdhála
Tionól Forbartha, 2019
- Measúnú ar dheachrachtaí teanga sa dátheangachas – Dr Ciara O’Toole, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
- Conas a úsáideann muid an spraoi chun Gaeilge na bpáistí a fheabhsú – Gráinne Ní Cheallacháin, Gaelscoil Bhaile Bhrigín
- Teanga na Matamaitice – Deirdre Ní Dhorchaí agus Monica Ní Choitir, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg
- Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais – Colm Ó Conchubair, Siceolaí Oideachais, An tSeirbhís Násiúnta Siceolaíochta & Cleachtais ( NEPS)
- Soláthar do Pháistí le Riachtanais Speisialta Oideachais i scoileanna LánGhaeilge agus Gaeltachta – Dr Treasa Kirk, Cigire – Roinn Oideachais agus Scileanna
- Neamhord de chuid Speictream an Uathachais sa scoil LánGhaeilge agus Gaeltachta – Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Gaelscoil Bhaile Bhrigín
- Ag Tacú le Daltaí a bhfuil RSO acu agus iad ag foghlaim trí Ghaeilge – Sinéad Nic Aindriú, Pádraig Ó Duibhir, Joe Travers
Ar Scáth a Chéile, 2019
- Ag tacú le daltaí a bhfuil RSO acu agus iad ag foghlaim trí Ghaeilge – Sineád Nic Aindriú, Institiúid Oideachais OCBÁC
- Buíon mhúinteoireachta mar mhodh tacaíochta sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta – Clár Nic Samhráin, Eithne Ní Dhubhghaill & Marian Uí Drisceoil, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST)
- iPad mar ghléas tacaíochta le haghaidh daltaí le RSO – Dónal Ó Faoláin, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (BL & IBL)
- Mata agus uimhearthacht – straitéisí teagaisc sa bhunscoil – Deirdre Ní Dhorchaí agus Monica Ní Choitir, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg
- Measúnú ar dheacrachtaí teanga sa dátheangachas Gaeilge-Béarla – An Dr Ciara O’ Toole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- Ráiteas Polasaí Folláine & Creat Cleachtais 2018–2023, Colm Ó Conchubhair, Siceolaí Oideachais, Seirbhís Náisiúnta Siceolaíochta Oideachais (SNSO)
- Uathachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta – Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Gaelscoil Bhaile Brigín
Mother Tongues, 2018
- Can I send my child to an Irish-medium school or Naíonra if she/he has a special education need?
- Is it better for my child with a Developmental Language Disorder to go to an English-Medium School?
- Would Bilingualism affect my child’s language and communication skills?
- What is likely to be done by teachers and parents to support language learning?
- Clár TG4 – 7 Lá
Tionól Forbartha, 2018
- Riachtanais Speisialta san Iar bhunscoil – Ruaidhrí Ó Béarra, NEPS
Comhdháil Gaeloideachas ar RSO, 2017
- An dátheangachas agus deacrachtaí teanga agus urlabhraíochta – Darína Ní Shíthigh, Teiripeóir Urlabhra & Teanga
- Straitéisí Praiticiúla le tacaíocht a thabhairt do pháistí le disléicse sna scoileanna LánGhaeilge – Deirdre Nic Gabhann, Gaelscoil Riabhach
- Cur chuige cothromaithe – Ruaidhrí Ó Béarra, NEPS
- Ré Nua – Todhchaí an Oideachais Speisialta – Muireann Ní Arrachtáin, Scoil na nÓg
- Insint Shóisialta do Dhaltaí le hUathachas – SESS
- An Taithí agus na Dúshláin ag obair mar shíceolaí sa nGaeltacht – Ruaidhrí Ó Béarra, NEPS
- Oiriúnacht an Tumoideachais do dhaltaí le RSO Cad atá ar eolas againn? – Pádraig Ó Duibhir, Sinéad Nic Aindriú & Joe Travers, DCU
Acmhainní
-
Ag Tacú le do Pháiste: Oideachas lán-Ghaeilge agus Riachtanais Speisialta Oideachais (Leabhrán dátheangach)
- Students with Dyslexia in an Irish medium school Advice for Parents (Leabhrán i mBéarla)
Taighde
Workshops
- Sleamhnáin RSO Sa Bhunscoil 06.10.20:
- Slides: Dyslexia Seminar for Parents 03.06.2020. Gaeloideachas held an information evening for parents and guardians of children with Special Educational Needs in Irish-medium education. You can view the recording of the seminar here.
Cláraigh don Nuachtlitir
Foilsíonn Gaeloideachas réimse nuachtlitir, ina measc ceann ar leith maidir le RSO atá dírithe ar mhúinteoirí agus oideoirí. Is féidir clárú leis na nuachtlitreacha éagsúla thíos, agus is féidir díchlárú ag am ar bith.
Nuacht
Nuachtlitir na dTuismitheoirí: 16.12.2020
Seo ár nuachtlitir dheireanach na bliana seo ach ní hionann sin agus nach bhfuil neart acmhainní agus spraoi againn daoibh do bhriseadh na Nollag! Sa Nuachtlitir Seo: Clár Na Seachtaine Ag Tacú le do Pháiste Déan Comhrá Ealaín na Nollag Nollaig Do Pháistí Óga Cúpla...
Ag Tacú le do Pháiste: Oideachas lán-Ghaeilge agus Riachtanais Speisialta Oideachais
Tá an-áthas ar Gaeloideachas bheith in ann cur leis an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do thuismitheoirí agus chúramóirí a bhfuil páiste le riachtanais speisialta oideachais acu. Tá leabhrán dátheangach úrnua díreach foilsithe againn dar teideal Ag Tacú le do Pháiste:...
Ag Tacú le do Pháiste: Oideachas lán-Ghaeilge agus Riachtanais Speisialta Oideachais
Tá an-áthas ar Gaeloideachas bheith in ann cur leis an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do thuismitheoirí agus chúramóirí a bhfuil páiste le riachtanais speisialta oideachais acu. Tá leabhrán dátheangach úrnua díreach foilsithe againn dar teideal Ag Tacú le do Pháiste:...