Our Bubble / Ár bPobal

Apr 26, 2026

Tá spás nua á chruthú ag Gaeloideachas do thuismitheoirí agus do chúramóirí páistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu teacht le chéile go neamhfhoirmiúil agus riachtanais bhreise oideachais agus oideachas lán-Ghaeilge a phlé.

Feidhmíonn an spás seo i bpearsa – aghaidh ar aghaidh agus ar líne.

Cruinniú – Tae & Plé:

  • Dáta: Dé Máirt, 5 Bealtaine 2026 
  • Am: 10.00 – 11.30
  • Ionad : Costa, Nutgrove, D14, C3X6      Tá gach eolas ag an nasc thíos.

Tabhair faoi deara gurb é an Béarla príomhtheanga an imeachta seo ach go bhfuil lánfháilte cúrsaí a phlé trí Ghaeilge le baill foirne Gaeloideachas agus tuismitheoirí eile a bhfuil Gaeilge acu ar an lá. Má tá suim agat in ócáid chomhchosúil go hiomlán trí Ghaeilge, déan teagmháil linn.

Ar líne – WhatsApp

Tá grúpa Whats App cruthaithe freisin do Our Bubble / Ár bPobal  chun deis a thabhairt do thuismitheoirí agus do chúramóirí a bhfuil páistí acu le riachtanais bhreise oideachais agus atá ag freastal ar naíonra, Ghaelscoil, Ghaelcholáiste nó scoil Ghaeltachta teacht le chéile ar líne. Eolas &  treoir sa nasc thíos: