Páistí le Riachtanais Speisialta Oideachais – Deiseanna Forbartha agus Deiseanna Fáis sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Nov 23, 2022

Ag Comhdháil Gaeloideachas ar Riachtanais Speisialta Oideachais i bpáirt le COGG amárach, 24 Samhain 2022, tiocfaidh ionadaithe i láthair múinteoirí na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó NEPS, NCSE, an Roinn Oideachais agus an Chigireacht chun ceisteanna atá ag déanamh imní do na múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a fhreagairt agus chun éisteacht le múinteoirí agus le saineolaithe eile atá ag obair sa chóras ó lá go lá.

I measc na gceisteanna a ardóidh na múinteoirí, áirítear cén polasaí agus treoir atá á tabhairt ag an Roinn agus a cuid áisínteachtaí chun tacú le páistí i suíomhanna tumoideachais, ranganna speisialta san áireamh; cén chomhairle a chuirtear ar thuismitheoirí maidir le feiliúnacht an chórais do pháistí le raon leathan riachtanais bhreise; cén cúnamh agus treoir atá á tabhairt do mhúinteoirí maidir le conas tacaíocht inranga a sholáthar do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí teanga acu. Ní hamháin nach bhfuil béim ar na páistí dátheangacha nó na páistí atá ag foghlaim tríd an dara theanga ach ní roinntear aon chomhairle ná treoirlínte ina leith a thógann timpeallacht teanga na bpáistí san áireamh.

 “Am na cinniúna atá ann don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le polasaí don oideachas lán-Ghaeilge á bheartú den chéad uair riamh ag an Stát” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. “Anois an t-am dúinn uile fís uaillmhianach a éileamh ón Stát do na páistí sna naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Tréith an-láidir den chóras tumoideachais atá i réim sna scoileanna ná an cumas atá aige freastal ar riachtanais agus cur chuige foghlama gach uile pháiste agus ag an am céanna buntáistí uile an dátheangachais a thabhairt dóibh. Tá cleachtas agus tiomantas dochreidte i measc foirne na scoileanna chun tacú le páistí le riachtanais speisialta oideachais agus tugann téama na comhdhála seo – Bláthú ­– Deiseanna Forbartha agus Deiseanna Fáis deis do mhúinteoirí dea-chleachtas a roinnt agus straitéisí a fhorbairt le tacú leis na páistí is leochailí inár gcuid scoileanna. Ní mór dúinn uile, idir thusimitheoirí, mhúinteoirí agus lucht tacaíochta an tumoideachais a éileamh, tríd an gcomhairliúchán poiblí atá ar bun go ndéanfar an tacaíocht, an tuiscint agus na hacmhainní riachtanacha uile a chur ar fáil do na páistí le cabhrú leo bheith muiníneach, sona agus barr a gcumas a bhaint amach ar a dturas foghlama”.

Cuirfear réimse leathan agus luachmhar ceardlann ar fáil do mhúinteoirí ag an gComhdháil, agus dóibh siúd nach féidir freastal ar an gcomhdháil de bharr na géarchéime ionadaíochta sna scoileanna, beidh teacht ar na taifid ar www.gaeloideachas.ie. I bhfocail Uachtarán Gaeloideachas, Mícheál S. Mac Donnacha, “tá ríméad orainn bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí agus foirne uile na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta atá ag treabhadh an ghoirt seo ar son páistí a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu. Tá éacht á baint amach acu, go ciúin, ó lá go lá agus anois an t-am dúinn labhairt lena chéile agus labhairt amach faoi na bealaí ar féidir agus ar ghá tacú le gach uile pháiste inár gcuid scoileanna”.

Críoch

Nótaí don eagarthóir

Teagmháil 

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach| blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | 086-8050335 

Mícheál S. Mac Donnacha, Uachtarán | uachtaran@gaeloideachas.ie | 087-2891544 

 

Gaeloideachas 
Is ceanneagraíocht náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. 
 
Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.