PO Coláiste Naomh Feichín, Corr Na Móna

Mar 5, 2026

Cuirfidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus ar mian leo a bheith measta do an post buan seo a leanas:

PRÍOMHOIDE
COLÁISTE NAOMH FEICHÍN, CORR NA MONA, CONDAE NA GAILLIMHE
CATAGÓIR V

Le bheith incháilithe le haghaidh ceaptha sa phost seo, ní mór d’iarrthóirí na riachtanais seo a leanas a shásamh:

  • Cáilíocht aitheanta múinteoireachta iar-bhunoideachais.
  • Taithí shásúil cúig bliana (5) ar a laghad de mhúinteoireacht lánaimseartha.
  • Clarú de réir Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.
  • Chomh maith le cáilíocht an Cheard-Teastais Gaeilge nó an TGMI nó an cháilíocht sa Ghaeilge de réir Chiorclán 21/00, eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Seoladh r-phoist d’iarratas: recruitment@gretb.ie
https://gretbcareers.thehirelab.com/LiveJobs/JobApply/8257?source=1
Leabhar-Faisneise.pdf

www.ColaisteNaomhFeichin.ie