Podchraoladh nua: Páistí uathacha a mhúineadh sa chóras lán-Ghaeilge

Jun 1, 2022

Le blianta beaga anuas, tá méadú mór tagtha ar líon na ranganna uathachais i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ciallaíonn sé sin freisin go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na bpáistí atá ag fáil buntáistí an oideachais lán-Ghaeilge agus mhúnla an tumoideachais ó leibhéal an naíonra ar aghaidh.

Sa phodchraoladh seo, pléann na múinteoirí Elaine, Aisling, Máire agus Éabha a dtaithí ar pháistí uathacha a mhúineadh sa chóras lán-Ghaeilge le Dáithí Murray.

Roinnfidh an painéal roinnt de na buntáistí a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta do pháistí agus daoine óga uathacha, mar aon le cúpla leid agus comhairle bhreise do chomhghleacaithe eile atá ag obair sa chóras. Tabharfaidh siad léargas freisin ar roinnt de na saincheisteanna faoi leith a bhaineann leo siúd atá ag obair san earnáil chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí agus scoláirí uathacha barr a gcumais amach.

 

Tá áthas ar Middletown Centre for Autism agus Gaeloideachas sraith acmhainní do mhúinteoirí atá ag múineadh sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chur ar fáil. Níos deireanaí sa bhliain, seolfaidh Gaeloideachas agus Middletown lámhleabhar Gaeilge do mhúinteoirí ina mbeidh eolas agus straitéisí cabhracha agus iad ag obair le daltaí uathacha i suíomh lán-Ghaeilge nó Gaeltachta.

Ag labhairt ar an bpodchraoladh

Elaine Ní Shé, Múinteoir agus Comhardaitheoir Riachtanais Oideachais Speisialta, Gaelcholáiste Luimnigh

Is múinteoir Gaeilge agus Fraincis iar-bhunscoile í Elaine. Tá sí ag múineadh i nGaelcholáiste Luimnigh ó bunaíodh an scoil in 2006. Tá cúrsa iarchéime san oideachas speisialta bainte amach aici. Faoi láthair, tá sí ag obair mar chomhordaitheoir ar an Oideachas Speisialta sa scoil, agus mar mhúinteoir tacaíochta agus Fraincise

Aisling Fay, Príomhoide, Gaelscoil na Fuinseoige

Is príomhoide Gaelscoile í Aisling le taithí 30 bliain aici. Bunaíodh an scoil in 2016 agus in 2017 d’oscail an scoil rang do pháistí uathacha. Tá seisear sa rang anois.
Bhí Aisling ina Ceann Taithí Scoile le Coláiste Hibernia agus bíonn sí ag obair le hábhair oidí fós. Tá iarchéim aici i mBainistíocht san Oideachas agus rinne sí a tráchtas ar ról tuismitheora i scoil nuabhunaithe. Tá spéis faoi leith aici in Oideachas Speisialta agus tá cainteanna tugtha aici leis an NCSE ina leith.

Máire Ní Choileáin, Iar-stiúrthóir Naíonra Thír na nÓg

Tá taithí 25 bliana ag Máire ag obair i naíonra. Thóg sí a clann féin le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá taithí aici bheith ag obair le daoine fásta le míchumas intleachta chomh maith.

Éabha Ní Chualáin, Príomhoide, Scoil Naomh Ciarán, Cill Chiaráin, Conamara

Is múinteoir bunscoile í Éabha le cúig bliana déag anuas, le taithí ar go leor suíomhanna oideachais timpeall na tíre, idir ghaelscoileanna, scoileanna T2 agus scoileanna Gaeltachta. Shocraigh sí i Scoil Naomh Ciarán sa bhliain 2016 mar phríomhoide i mbun ranga. Is scoil Deis Tuaithe Ghaeltachta í Scoil Naomh Ciarán atá lonnaithe i gceantar álainn Chill Chiaráin i gConamara, agus d’oscail an scoil Rang Uathachais sa bhliain 2018 le cabhair ó thuismitheoirí an cheantair, Bord Bainistíochta na scoile agus An Chomhaire Náisiúnta um Oideachas Speisialta. Thug Éabha féin agus múinteoir eile sa scoil faoin chúrsa ‘Graduate Certificate in Autism Studies’ faoi stiúir Middletown Centre for Autism i gColáiste Mhuire gan Smál, agus chabhraigh sé go mór leo ullmhú agus dul i dtaithí ar mhodhanna múinte nua, chomh maith le cruinntuiscint a fháil ar an uathachas. Tá foireann thacúil, ghníomhach sa scoil agus tá go leor cúrsaí forbartha déanta le blianta beaga anuas. Tacaíonn siad ar fad barr feabhais a chur ar theagasc agus ionchuimsiú sa scoil. Tá an scoil ag obair ar an Scéim Aitheantais mar Scoil Ghaeltachta i láthair na huaire, agus tá mórshuim acu seirbhísí don oideachas speisialta a chur ar fáil ina dteanga dhúchais do pháistí agus do theaghlaigh an cheantair.