PREASRÁITEAS: Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge – níos práinní ná riamh.
Leis an bhfógra inniu ón Aire Oideachais, Norma Foley nach mbeidh aon iar–bhunscoil lán-Ghaeilge i measc an 4 iarbhunscoil nua a osclófar Meán Fómhair 2021, tá sé níos soiléire agus níos práinní ná riamh do dtabharfaidh an Roinn Oideachais aghaidh ar fhorbairt an Pholasaí don Oideachais Lán-Ghaeilge, de réir mar atá geallta ag Ard-Rúnaí na Roinne agus ag an Iar-Aire.
Tá sé aitheanta go forleathan nach n-oibríonn an córas bunaithe scoile atá ann ag an iarbhunleibhéal dóibh siúd a dteastaíonn oideachas lán-Ghaeilge uathu dá gcuid páistí. Tá Gaeloideachas le fada ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an Roinn Oideachais maidir le mí-oiriúnacht an chórais agus an bealach go bhfuil an córas ag ligin síos sciar mhaith páistí gach bliain ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, “Tá an-díomá orainn ar son na ndaltaí nach bhfaighidh a rogha oideachais agus daltaí nach n-éireoidh leo leanúint ar aghaidh ón mbunscoil lán-Ghaeilge go hiarbhunscoil lán-Ghaeilge. Is mór an díomá é sin. Anuas air sin, tá sé fógartha go bhfiosrófaí deiseanna d’Aonad lán-Ghaeilge a bhunú i gceann nó dhó de na hiarbhunscoileanna Bhéarla. Ní réiteach é seo ar sholáthar iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge. Tuigeann an Roinn an dearcadh atá againn ina leith agus táimid ag súil leis an deis dul i gcomhairle leo san athbhliain chun plé leo faoi fhorbairt an Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge – polasaí a leagfaidh amach fís an Stáit don oideachas lán-Ghaeilge agus a chuirfidh bonn láidir faoi”.
“Tagann an fógra inniu sna sála ar eisiúint thorthaí taighde Kantar, ar son Conradh na Gaeilge, torthaí a léirigh go gcreideann triúir as gach ceathrar gur ceart an deis a bheith ag páistí leanúint lena c(h)uid oideachas lán-Ghaeilge. Tá sé in am don Stáit glacadh go dáiríre le mianta an phobail i leith an oideachais lán-Ghaeilge”, a deir Seán Ó hArgáin, Uachtarán Gaeloideachas.
Críoch
Nóta don Eagarthóir
Na ceantair a fógraíodh inniu le haghaidh iarbhunscoil nua Meán Fómhair 2021:-
- Baile an Chollaigh (Co. Chorcaí)
- Baile an Bhothair -An Charraig Dhubh – Dún Laoghaire (Co. Átha Cliath)
- Dún Seachlainn (Co. Na Mí)
- Guaire (Co. Loch Gorman)
Teagmháil:
- Blathnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas blathnaid@gaeloideachas.ie | 01 8535190 | 086 8050335
- Seán Ó hArgáin, Uachtarán uachtaran@gaeloideachas.ie
- Anna Ní Chartúir, OCP ocp@gaeloideachas.ie