Preasráiteas: Tús maith leath na hoibre
Tuarascáil na Scoileanna Cás-Staidéir sa Scéim Aitheantais Gaeltachta
Tréaslaíonn Gaeloideachas leis an Roinn Oideachais agus leis an bhForas Taighde as foilsiú na tuarascála ar na scoileanna cás-staidéir sa Scéim Aitheantais Gaeltachta. Tuarascáil bhreá chuimsitheach atá ann a chuireann ábhar machnaimh agus moltaí faoinár mbráid maidir le feidhmiú éifeachtach na scéime agus cur chun cinn láidir an oideachais Gaeltachta.
Ghlac 12 bhunscoil agus 7 n-iarbhunscoil Gaeltachta páirt sa chás staidéir “agus tá ardmholadh ag dul dóibh” arsa Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “as an gceannaireacht agus an misneach a léirigh siad sa phróiseas chun leasa forbairt na scéime. B’údar misnigh é do phobal na scoileanna Gaeltachta meon dearfach, físiúil agus misniúil na scoileanna rannpháirteacha a fheiceáil agus gan amhras, rath na scéime a fheiceáil, mar shampla le feidhmiú an chlár luath-thumoideachais dhá bhliain”.
Ach an oiread le buanna na scéime, leagtar amach na dúshláin, cuid acu atá le feiceáil go tréan tríd an earnáil, ina measc an drogall a bhíonn ar dhaltaí / scoláirí bheith ag sóisialú trí mheán na Gaeilge. “Ní nuacht í seo dúinn” a deir ní Ghréacháin, “agus aithnítear é seo mar dhúshlán idirnáisiúnta i suíomhanna comhchosúla tumoideachais. Sin ráite, tugann sé fócas dúinn agus sinn ag ceapadh polasaithe agus straitéisí dearfacha le dul i ngleic leis. Ceann acu sin ná acmhainn nua idirghníomhach de chuid Gaeloideachas – Beatha Teanga – a dhíríonn ar cur chun cinn na Gaeilge mar theanga na cumarsáide, an spraoi agus an tsóisialaithe agus atá ar fáil ar ár suíomh www.gaeloideachas.ie.”
“Aithnítear go láidir an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíocht an phobail i gcur chun cinn fís na scoileanna, agus aithníonn an tuarascáil an difríocht a dhéanann úinéireacht an bhoird bhainistíochta, na dtuismitheoirí, na múinteoirí agus na ndaltaí i bhfíorú na físe seo”, a deir Uachtarán Gaeloideachas, Seán Ó hArgáin. “Léirítear áfach go bhfuil gá le breis bolscaireachta ar na buanna uile a bhaineann leis an gcóras tumoideachais agus go gcabhróidh spiorad na comhpháirtíochta le seo a bhaint amach”.
Dúshlán forleathan eile atá aitheanta sa tuarascáil ná na heasnaimh sa bhforbairt ghairmiúil do mhúinteoirí sa Ghaeilge, ach go háirithe ag an iar-bhunleibhéal. Aithnítear go bhfuilimid ag staid na géarchéime maidir le soláthar mhúinteoirí atá sách inniúil ar an nGaeilge le múineadh i suíomh tumoideachais. Deimhníonn agus treisíonn an tuarascáil seo an riachtanas atá ann aghaidh ar thabhairt air seo ar bhonn práinne.
“Tá foilsiú na tuarascála seo an-tráthúil agus an Roinn Oideachais anois ag cur tús le forbairt an pholasaí don oideachais lán-Ghaeilge”, a deir ní Ghréacháin. “Is ábhar ceiliúrtha chomh mór céanna le hábhar machnaimh í an tuarascáil seo agus tugann sé ardú meanma dúinn go mbeidh forbairt shuntasach agus riachtanach á déanamh ar na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an gcaoi céanna”.
Is féidir an Tuarascáil ina iomláine a íoslódáil anseo.
Gaeloideachas
Is ceanneagraíocht náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.
Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.
Teagmháil
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach
blathnaid@gaeloideachas.ie, 086-8050335
Seán Ó hArgáin, Uachtarán
uachtaran@gaeloideachas.ie, 087-4192322
Anna Ní Chartúir, OCP
ocp@gaeloideachas.ie, 085-1351097