Príomhoide Tánaisteach le fostú i nGaelscoil Lir
Is mian le Gaelscoil Lir Príomhoide Tánaisteach a cheapadh. Is Gaelscoil chomhoideachasúil ilchreidmheach í Gaelscoil Lir atá ag forbairt. Beimid ag glacadh seilbh ar ár bhfoigneamh buan úr-nua go luath i 2026. Tá foireann thiomanta agus ghairmiúil ag obair sa scoil agus baineann daltaí na scoile luach as an timpeallacht dhearfach foghlama.
Titeann dualgais agus freagrachtaí an phoist seo faoi na réimsí a leagtar amach sa cháipéis Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022
● Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
● Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
● Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
● Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt
Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, agus ag obair go dlúth leis an bPríomhoide, bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d’fhorbairt na scoile.
Beidh na scileanna agus na hinniúlachtaí thíos ina mbuntáiste d’iarratasóirí:
● Tuiscint ar an bpróiseas féinmheastóireacht scoile agus forbairt polasaithe
● Saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile
● Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le cumas daoine a bhainistiú
●Tiomantas don cheannaireacht roinnte agus acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt sa scoil
Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, ní mór Foirm Iarratais ar phost an Phríomhoide agus an leas-Phríomhoide a sheoladh chuig iarratais@gslir.ie faoi 5 i.n. ar an spriocdháta, 6ú Meitheamh 2025.
Suíomh idirlín na scoile: www.GSLír.ie