Rannta le Chéile don Úcráin

May 27, 2022

teangati

Deis do theaghlagh ar gach aois ón dá thír teacht le chéile ar líne chun rannta & amhráin i nGaeilge & Úcráinis a roinnt agus aithne a chur ar a chéile.

Ba mhaith le Glór na nGael cuireadh a thabhairt do theaghlaigh le Gaeilge & teaghlaigh ón Úcráin ar gach aois pairt a ghlacadh i seisiúin rannta agus amhráin ar líne. Tabharfaidh an seisiún seo deis do na teaghlaigh ón Úcráin blaiseadh beag den Ghaeilge a chloisteáil tríd na rannta agus amhráin agus deis do na teaghlaigh ó Éirinn roinnt rannta & amhráin ón Úcrain a chloisteáil.

Agus iad ag cur aithne ar a chéile, tá dóchas ann go gcuideoidh sé leis na teaghlaigh Úcráiníse socrú isteach in Éirinn. Is féidir teagmháil a dhéanamh le cabrini@glornangael.ie chun spás a chur in áirithint nó le tuilleadh eolais a fháil. Nó déan áirithint tríd Eventbrite!

Scaipigí an scéal le bhur dtoil!

Má tá sibh i dteagmháil le haon teaghlach ón Úcráin, tabhair cuireadh dóibh a bheith linn!

Beidh aistritheoir Gaeilge / Úcráinis i láthair.