Réiteach aimsithe don Oideachas lán-Ghaeilge ag an Iar-bhunleibhéal i nDún Dealgán
Fearann Gaeloideachas fáilte chroíúil roimh chinneadh an Aire Oideachais faomhadh a thabhairt do bhunú múnla nua scoile i nDún Dealgan, Co Lú a sholáthróidh oideachas iar-bhunléibhéil trí mheán na Gaeilge do dhaltaí sa réigiún.
Tá difríocht idir an múnla nua, scoil satailíte, agus an múnla ‘aonad’ atá ann cheana féin agus is é an chéad cheann dá chineál é sa tír. In áit a bheith faoi bhainistíocht iar-bhunscoil meán-Bhéarla áitiúil, beidh an scoil satailíte i nDún Dealgan faoi bhainistíocht Choláiste Ghlór na Mara, Gaelcholáiste atá lonnaithe i dtuaisceart Cho Átha Cliath. Tá eiteas fíorláidir Gaeilge ag Coláiste Ghlór na Mara agus tá sí faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta, an t-aon phátrún atá tiomnaithe go hiomlán do sholáthar tumoideachais meán-Ghaeilge. Ciallaíonn seo, go gcuirfidh an scoil satailíte nua gach ní ar fáil trí Ghaeilge ón tús dá daltaí, idir imeachtaí ranga agus ghníomhaíochtaí shóisialta agus seach-churaclaim.
Roimhe seo, rinne Coláiste Lú – an t-aonad lán-Ghaeilge laistigh de Choláiste Chúchulainn atá faoi phátrúnacht Bhord Oideachais & Oiliúna Lú agus na Mí – freastal ar an gceantar. De bharr athruithe i gcúinsí áitiúla, áfach, laghdaíodh an réimse ábhar a raibh an tAonad in ann a sholáthar. Chruthaigh sé seo dúshlán do na daltaí agus bhí ar go leor acu rogha a dhéanamh idir aistear fada chuig an Gaelcholáiste ba gaire dóibh nó aistriú chuig soláthar oideachais meán-Bhéarla.
Dúirt Uachtarán Gaeloideachas, Seán Ó hArgáin agus é ag fáiltiú roimh an tionsclaíocht nua “is múnla ar leith é seo agus is toradh é ar shár-iarrachtaí ó thuismitheoirí i nDún Dealgan troid a dhéanamh ar son chearta a bpáistí oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge. Cé go bhfuil líon suntasach páistí i gCo. Lú ag freastal ar bhunscoileanna meán-Ghaeilge, níl aon Ghaelcholáiste sa gcontae dóibh chun go leanfaidh siad lena gcuid oideachais dara leibhéil trí Ghaeilge. Is creidiúint dóibh siúd ar fad a bhí páirteach sa bhfeachtas go mbeidh réiteach déanta ar sháinn na ndaltaí seo i Meán Fómhair 2021”.
Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas “cuirfidh muid chuile thacaíocht is féidir ar fáil don scoil satailíte chun a chinntiú go n-éireoidh léi i nDún Dealgan; ag an am céanna, áfach, caithfear a bheith aireach nach mbeidh an múnla seo á úsáid mar réiteach náisiúnta ar na dúshláin atá cruthaithe ag an infreastruchtúr lochtach atá ann d’oideachas iar-bhunleibhéil meán-Ghaeilge. Go dtí go mbeidh sé soiléir dúinn cén chaoi a n-éireoidh leis an múnla seo, cé na tacaíochtaí a chuirfidh an Roinn Oideachais ar fáil dó agus cén treo a leanfaidh sé le go bhfeidhmeoidh sé mar scoil neamhspleách, ná cailleadh muid radharc ar an riachtanas do pholasaí láidir a chinnteoidh tumoideachas trí mheán na Gaeilge d’ardchaighdeán do gach dalta”.