Réiteach – I dTreo Eispéiris shásúil fhoghlama Gaeilge do gach dalta

Beidh an seimineár oideachais Réiteach ar bun ar an Déardaoin 12 Márta 2026 san Ionad Comhdhála, BÁC. Tá an seimineár á eagrú le cur leis an gComhrá Náisiúnta ar an Oideachas a thosaigh an Roinn Oideachais agus Óige in 2026.
Beidh fócas faoi leith ar:
- An Fráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) agus conas is féidir curaclaim na Gaeilge inár gcóras oideachais a ailíniú leis faoi mar atá geallta sa Chlár Rialtais reatha.
- Polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt bunaithe ar an FTCE.
- Na Sonraíochtaí Ardteiste Gaeilge nua atá á bhforbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi láthair.
Beidh an seimineár dátheangach agus beidh ateangaireacht ó Ghaeilge go Béarla ar fáil ar an lá.
(* Mar eolas, beidh FÍS 2026, comhdháil Gaeilge a chuirfidh eolas ar deiseanna fostaíochta, oideachais, sóisialta agus eile ar fáil do na mílte duine óg, ar siúl ar an lá céanna agus san ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath.)