Réiteach – Príomhmholtaí, Cainteanna & Sleamhnáin

Eagraíodh an seimineár RÉITEACH in Ionad Comhdhála BÁC ar 12 Márta 2026. Bhí an seimineár eagraithe le cur leis an gComhrá Náisiúnta ar an Oideachas a thosaigh an Roinn Oideachais agus Óige in 2026.
Sa seimineár ceistíodh conas is féidir oibriú i dtreo eispéiris shásúil foghlama Gaeilge do gach dalta. Bhí fócas faoi leith ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) agus conas is féidir curaclaim na Gaeilge ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal a ailíniú leis faoi mar atá geallta sa Chlár Rialtais reatha. Roinneadh tuiscint níos fearr ar céard é an FTCE, na buntáistí a bhaineann leis, go háirithe le dul i ngleic leis an bhfás as cuimse atá tagtha ar an líon díolúintí a bhronntar ó staidéar na Gaeilge. Tá na príomhmholtaí a tháinig as an seimineár agus naisc chuig chuig na sleamhnáin/cainteanna a cuireadh i láthair ar an lá ar fáil thíos: