Réiteach – Príomhmholtaí, Cainteanna & Sleamhnáin

Jul 16, 2026

Riteach 9900000000079e3c

Eagraíodh an seimineár  RÉITEACH in Ionad Comhdhála BÁC ar 12 Márta 2026. Bhí an seimineár eagraithe le cur leis an gComhrá Náisiúnta ar an Oideachas a thosaigh an Roinn Oideachais agus Óige in 2026.

Sa seimineár ceistíodh conas is féidir oibriú i dtreo eispéiris shásúil foghlama Gaeilge do gach dalta. Bhí fócas faoi leith ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) agus conas is féidir curaclaim na Gaeilge ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal a ailíniú leis faoi mar atá geallta sa Chlár Rialtais reatha. Roinneadh tuiscint níos fearr ar céard é an FTCE, na buntáistí a bhaineann leis, go háirithe le dul i ngleic leis an bhfás as cuimse atá tagtha ar an líon díolúintí a bhronntar ó staidéar na Gaeilge. Tá na príomhmholtaí a tháinig as an seimineár agus naisc chuig chuig na sleamhnáin/cainteanna a cuireadh i láthair ar an lá ar fáil thíos:

Réiteach : Príomhmholtaí & Cuir i Láthair/Sleamhnáin