RSO – Mí Feasachta AAC – Pacáiste Gníomhaíochtaí Scoile

Tá pacáiste gníomhaíochtaí deartha leis an Lá Feasachta um Chumarsáid Bhreisitheach & Mhalartach (Augmentative and Alternative Communication) a cheiliúradh. Cabhraíonn AAC le go leor daoine iad féin a chur in iúl. Ar an 10ú Deireadh Fómhair, déanfar an lá a cheiliúradh in Éirinn. Is deis iontach í seo chun cabhrú le scoláirí agus le baill foirne níos mó a fhoghlaim faoi AAC, cumarsáid chuimsitheach a spreagadh, agus spraoi a bheith ann á dhéanamh. Chomh maith leis sin, is bealach iontach é tuiscint a spreagadh agus feasacht a ardú maidir le piaraí a úsáideann an AAC len’iad féin a chur in iúl. Tá gach guth tábhachtach. Sa bpacáiste acmhainní seo, tá:
Smaointe ceachta – Gníomhaíochtaí spraíúla do gach aois – Scéalta AAC – Póstaeir – Acmhainní amhairc agus eile.