Rug Muire Mac Do Dhia

Na focail don amhrán Rug Muire Mac Do Dhia. Tá an leathanach maisithe agus tá naisc, agus íomhá MF do ghutháin phóca, chuig na físeáin atá istigh sa seinnliosta Ceol Na Nollag ar ár gcainéal YouTube.

Rug Muire Mac do Dhia,
Íosa Críost, Triath na Reann,
Maireann dá éis ina hóigh,
An bhean is dóigh do gach dall.

Buime is Máthair Mhic Dé bhí,
Bean mar í ní fhaca súil,
Bean ler oscladh flaitheas Dé,
Do mholfas mé os gach dúil.

Ní cosúil í le mnáibh,
Muire Mhór an bláth nach críon,
Ní cosúil balsam le moirt,
Le lionn goirt ní cosúil fíon.