Rúin a ritheadh ag CGB Gaeloideachas 2025
T1 sa tSraith Shóisearach
- Éilíonn an Chomhdháil seo go n-aithneodh an Roinn Oideachais an damáiste atá á dhéanamh ag an gcúrsa T1 don tSraith Shóisearach do scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí agus go bhfaighfí réidh leis an dá chúrsa éagsúil agus an dua breise atá ar scoláirí scoileanna T1 gan chúiteamh breise.
Gaelcholáiste Ceatharlach
Teanga Teagaisc i gcóras scoile de chuid Ospidéil
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar NEPS go gcinnteofaí go bhfaigheann páiste atá ag fáil teagaisc le linn tréimhse fada san ospideál teagasc i dteanga na scoile a fhreastalaíonn an páiste air, sé sin sa Ghaeilge i gcás scoil lán-Ghaeilge.
Gaelscoil Lios Tuathail
Ceapachán Chúntóirí Riachtanais Speisialta
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir atá ann do cheapachán na gCúntóirí Riachtanais Speisialta agus na critéir chéanna a leathnú.
Gaelscoil Bhaile Bhrigín
Tacaíocht Foghlama don Ghaeilge agus don Bhéarla
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais riachtanais tacaíochta sa dá theanga a aithint trí chóras nua a chur i bhfeidhm a thugann an tacaíocht atá riachtanach do scoláirí an chórais.
Gaelscoil Bhaile Bhrigín
Teanga Chumarsáide agus Oibre na Ranganna Speisialta
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta stop láithreach a chur leis an gcleachtas atá ar bun brú a chur ar scoileanna lán Ghaeilge / Gaeltachta ranganna speisialta a fheidhmniú trí mheán an Bhéarla.
Gaelscoil Bhaile Bhrigín
Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Aire Oideachais dréacht den POLG a fhoilsiú le deis a thabhairt don phobal aiseolas a thabhairt ar na bearta agus na cuspóirí atá sa dréacht
agus
- Éilíonn an Chomhdháil ar an Aire Oideachais gur Polasaí ceannródaíoch, láidir a bheidh sa Pholasaí, fréamhaithe sa taighde, le spriocanna soiléire, tacúla do d’fhorbairt, d’fhás agus do d’fhairsingiú an oideachais lán-Ghaeilge ó leibhéal na naíonraí go hiarbhunscoileanna.
agus
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Aire Oideachais a chinntiú go bhfuil meicníocht chuí ann chun éileamh ar an Oideachas lán-Ghaeilge a mheas, a thugann pictiúir cruinn ar an bhfíoréileamh reatha agus a dhéanann soláthar cuí don todhchaí dá réir.
Bord Stiúrtha Gaeloideachas
Polasaí Oideachas Gaeltachta
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais scéim tacaíochta cuí a fhorbairt agus a fheidhmiú do scoileanna nach bhfuil sa scéim aitheantais Ghaeltachta mar dhroichead dóibh i dtreo an scéim aitheantais.
Bord Stiúrtha Gaeloideachas
Díolúintí ón nGaeilge
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Aire Oideachais idirghabháil phráinneach a dhéanamh ar chóras reatha na ndíolúintí, agus córas malartach a chur i bhfeidhm a thacaíonn le hionchuimsitheacht i measc daltaí agus scoláirí chun go mbeidh buntáistí cognaíocha, teangeolaíoch agus sóisialta na Gaeilge ag gach páiste, de réir a gcumas.
Bord Stiúrtha Gaeloideachas
Aonaid lán-Ghaeilge
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais glacadh leis an gcomhairle shaineolach atá sna torthaí taighde de chuid an Dr TJ Uí Cheallaigh, Máire Uí Chonghaile agus an Dr Muiris Uí Laoire ar fheidhmiú na n-aonad mar mhúnla soláthair don tumoideachas agus feidhmiú dá réir chun críche caighdeán agus cáilíocht an tsoláthair.
Bord Stiúrtha Gaeloideachas
Béaltriail ag Leibhéal na Sraithe Sóisearaí
- Éilíonn an Chomhdháil ar an Roinn Oideachais an Béal Triail a thabhairt ar ais ar bhonn práinneach chun go mbeidh eispearas agus buntáistí cuí cumarsáide ag scoláirí leis an nGaeilge.
Bord Stiúrtha Gaeloideachas
Sonraíocht na Gaeilge sa tSraith Shinsearach
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Aire Oideachais agus ar an CNCM nach leanfar leis an moladh do chúrsa idirdhealaitheach do scoláirí sna scoileanna T1 agus T2 gan aon aitheantas nó cúiteamh ar an obair mhór bhreise a bhaineann le sonraíocht mholta T1.
Bord Stiúrtha Gaeloideachas
Na Luathbhlianta
- Éilíonn an Chomhdháil ar an Aire Norma Foley Plean Náisiúnta don Ghaeilge san earnáil luathbhlianta a fhoilsiú atá láidir, fréamhaithe sa taighde, le spriocanna soiléire, tacúla do d’fhorbairt, d’fhás agus do d’fhairsingiú na naíonraí lán-Ghaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht
agus
- Éilíonn an Chomhdháil ar an Aire Norma Foley go leagfar amach sainmhíniú oifigiúil ar cad is naíonra ann agus do dtabharfar aitheantas do na seirbhísí tumoideachais lán-Ghaeilge
agus
- Éilíonn an Chomhdháil ar an RLCMLO agus Pobal go gcuirfidis bunachar poiblí ar fáil do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ar bhonn bliantúil.
Bord Stiúrtha Gaeloideachas
Struchtúr Maoinithe Fhoras na Gaeilge
- Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Ghaeltachta, an Roinn Caiteachais Poiblí, an Roinn Pobail ó thuaidh agus an Roinn Airgeadais thuaidh agus theas idirbheartaíocht láidir a dhéanamh thar ceann Gaeloideachas agus na Ceanneagraíochtaí eile atá maoinithe ag Foras na Gaeilge chun go n-aontófar struchtúr a chinntíonn buiséad cuí imfhallaithe d’inmharthanacht na heagraíochta / na n-eagraíochtaí agus tacaíochtaí cuí don teanga sa chóras oideachais agus sa tsochaí dá réir.
Bord Stiúrtha Gaeloideachas