Rúin glactha ag an CGB is déanaí

Apr 24, 2023

CGB & Ceiliúradh 50, Aibreán 2023

Rún speisialta ag an gCruinniú Ginearálta Urghnách

Éilíonn an Chomhdháil seo go leasófar bunreacht na heagraíochta le deis a thabhairt do naíonraí ballraíocht a ghlacadh le Gaeloideachas agus dá réir, rúin agus ainmniúcháin a chur chun cinn.

Moltóir: Bord Stiúrtha Gaeloideachas

Soláthar Múinteoirí

Éilíonn an chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais cead a thabhairt do scoileanna postanna a fhógairt a luaithe is atá a gcuid painéal féin glanta.

Moltóir: Gaelscoil Baile Brigín

Riachtanais Bhreise Oideachais

Éilíonn an chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais a chinntiú go bhfógrófar liúntais na gCúntóirí Riachtanais Speisialta i mí Aibreáin/Bealtaine gach uile bhliain.

Éilíonn an chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir atá ann do cheapachán na gCúntóirí Riachtanais Speisialta agus na critéir chéanna a leathnú.

Éilíonn an chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais agus ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas chun CRS a lorg go práinneach.

Moltóir: Gaelscoil Baile Brigín

Éilíonn an chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais agus ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta deimhniú i scríbhinn a thabhairt gurb í an Ghaoluinn teanga na fostaíochta, teanga an teagaisc agus na foghlama in aon rang speisialta atá ag feidhmiú i scoileanna T1.

Moltóir: Scoil Náisiúnta na Rinne

Luathbhlianta trí Ghaeilge – Na Naíonraí

Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Leanaí an Scéim fóirdheontais do Naíonraí na tíre a thabhairt ar ais chun dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta atá san earnáil faoi láthair. Cabhróidh an scéim seo le hinbhuanaitheacht na seirbhísí Ghaeilge, le cinntiú go mbeidh rogha an tumoideachais ann ag leibhéal na réamhscoile.

Moltóir: Bord Stiúrtha Gaeloideachas

Cláir idirnáisiúnta Thumoideachais

Molann pobal na gaelscoile seo go bhforbraíonn Gaeloideachas tionscnamh píolótach a chothaíonn comhpháirtíocht idir scoileanna lán-Ghaeilge / Gaeltachta na tíre agus scoileanna tumoideachais thar lear faoin gClár Erasmus ar mhaithe le dea-chleachtas a roinnt, tuiscint an tumoideachais a neartú agus líonrú tumoideachais níos leithne a chothú.

Moltóir: Gaelscoil na nDéise

Riachtanais Teanga agus Oiliúint Tosaigh Mhúinteoirí

Molann an chomhdháil nach ndéanfaí aon athrú ar na riachtanais teanga a bhaineann le hiontráil sna coláistí oiliúna, go háirithe i dtaobh torthaí na hardteistiméireachta.

Iarrann an Chomhdháil go mbainfí leas as an gcóras TEG chun feabhas a chur ar chaighdeán Ghaeilge na n-ábhar mhúinteoirí.

Moltóir: Bord Stiúrtha

Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge

Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais Polasaí Oideachais Lán-Ghaeilge a fhorbairt agus a fhoilsiú atá láidir, críochnúil agus cuimsitheach.

Moltóir: Bord Stiúrtha

Rún Bhreise

Fáiltíonn an Chomhdháil roimh an gcinneadh a ghlac an tAire Oideachais gan an leasú a chur i bhfeidhm faoina gcuirfí Páipéar 1 Gaeilge san Ardteist ar siúl ag deireadh Bhliain 5 sa scoilbhliain 2023/2024 agus éilíonn an Chomhdháil ar an Aire an cinneadh seo a tharraingt siar ar fad anois.

Moltóir: Bunscoil Sancta Maria