Rúin na Luathbhlianta ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas

Jun 30, 2026

Tá áthas orainn a fhógairt gur glacadh leis na rúin seo a leanas, mar a bhaineann leis na naíonraí. Leanfaidh muid orainn leis an obair abhcóideachta tríd na bliana. 

 

Maoiniú na Luathbhlianta 

Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Leanaí go mbeadh aitheantas agus maoiniú cuí do naíonraí a bhfuil an tumoideachas mar pholasaí acu. 
(Bord Stiúrtha Gaeloideachas) 

Córas na Luathbhlianta 

Creideann an cruinniú seo gur ceart bunúsach é cúram agus oideachas luathbhlianta atá ar ardchaighdeán, inrochtana agus inacmhainne do gach páiste. 

Dá réir sin, éilíonn an cruinniú seo ar an rialtas: 

  • Córas poiblí uileghabhálach don earnáil luathbhlianta a bhunú; 
  • Infheistíocht shuntasach stáit a dhéanamh chun seirbhísí ardchaighdeáin a chinntiú; 
  • Coinníollacha oibre agus pá cóir a chur ar fáil do gach múinteoir agus oibrí san earnáil; 

Molann an cruinniú seo go mbeadh an earnáil luathbhlianta á reáchtáil mar sheirbhís phoiblí, bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais, na cáilíochta agus leas an pháiste. 
(Bord Stiúrtha Gaeloideachas)