Rúnaí na Scoile le Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Dec 15, 2021

Tá Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag lorg ‘Rúnaí na Scoile’. Ba bhuntáiste é dá bhféadfadh an té a cheapfar tosú sa ról i mí Eanáir 2022. Is féidir fiosrúcháin neamhfhoirmeálta i dtaca leis an bpost seo a dhéanamh leis An Dr Ciarán Mac an Bhaird, Ceann Scoile, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, r-phost: ciaran.macanbhaird@dcu.ie

Má tá níos mó eolais uait faoin bpost seo tá cáipéis eolais ar fáil anseo.