Rúnaí Scoile ag teastáil i nGaelscoil na nDéise

Sep 8, 2023

Lorgaíonn an Bord Bainistíochta iarrataisí don phost mar rúnaí scoile. Is post buan é seo do 30 uair a’ chloig in aghaidh na seachtaine (8.40 a.m. – 3.10 i.n., Luan go hAoine).

Fostóidh an Bord Bainistíochta an rúnaí scoile de réir Ciorclán 36/2022 na Roinne Oideachais. Tosnóidh an rúnaí ar Phointe 1 den scála pá do rúnaithe scoile agus beidh an post ag brath ar ghrinnfhiosrúchán sásúil agus tréimhse promhaidh de 6 mhí. Beidh laethanta saoire an phost de réir Ciorclán 36/2022 na Roinne Oideachais.

Príomhdhualgaisí an Rúnaí;
1.Pointe teangmhála do chuairteoirí agus fiosruithe.
2.Cumarsáidí scoile a bhainistiú (m.s. guthán, ríomhphost, bunachar sonraí ar nós Aladdin, POD, OLCS).
3.Ioncam agus caiteachas airgeadais a thaifead go rialta.
4.Bainistíocht oifige, trealamh oifige a choimeád agus teangmháil le soláthraithe scoile.
5.Dualgaisí laethúla tugtha ag an bPríomhoide.

Is gá go mbeadh na hinniúlachtaí seo a leanas ag an iarrthóir rathúil;
1.Ardchumas i labhairt na Gaeilge chomh maith le cumas maith léitheoireachta agus scríbhneoireachta sa Ghaeilge.
2.Proifisiúntacht, discréid agus an cumas chun rúndacht a choimeád.
3.Scileanna idirphearsanta láidre – dearfach, fonnmhar, cineálta agus fáiltiúil.
4. Éiteas na scoile a chosaint agus a chothú.
5.A bheith in ann réitiú go dearfach le páistí.
6.Bheadh an cumas chun íocaíochtaí ar-líne de chuid an ROS, VAT, RCT, ‘srl. a dhéanamh ina buntáiste.
7.Fonn chun thabhairt faoin uasoiliúint, nuair is gá.
8.Ardscileanna teicneolaíochta (MS Office, Google Drive, ‘srl.)
9.Eolas maidir le GDPR and cosaint sonraí.
10.Ardscileanna eagrúcháin, pleanála agus mionchruinneas a bheith aige/ aici.
11. Cumas tionscnaíochta, a bheith in ann obair go neamhspleách agus mar chuid de fhoireann.
12.A bheith in ann obair go dlúth leis an bPríomhoide.
13.Solúbthacht i rith an lae scoile.
14.Taithí a bheith aige/ aici de bheith ag obair i dtimpeallacht oifige a bhíonn gnóthach.

Ní ghlacfar le hiarrataisí scríofa as Béarla. Ba cheart litir iarratais mar aon le Curriculum Vitae agus sonraí de trí mholtóir a sheoladh chuig an gCathaoirleach trí ríomhphost (postannagnd@gmail.com)