Sa Stábla, Sa Mhainséar

Sa stábla, sa mhainséar, tá naíonán ina luí,
an naíonán beag Íosa (a) bhéas fós linn mar rí.
Tá réaltaí ag soilsiú go hard insan spéir
ar an leanbh beag Íosa ina luí sa mhainséar.

Tá ciúnas mór thimpeall; tá draíocht san aer.
Tá aoibhneas is áthas ar an domhan go léir.
Tá Aingil na bhFlaithis ag síor-mholadh Dé.
Ard-mholadh d’Íosa, don leanbh beag glé.

Bí linne, a Íosa; bí linne go deo.
Bí linne san oíche; bí linne sa ló.
Tabhair grá do do leanaí; tabhair grá dúinn go síor.
Agus bímis dílis; bímis dílis go fíor.

Tuilleadh ar fáil ar 🎶 Amhráin na Nollag 👼🎄🎅