Sábháil an dáta – Tionól Forbartha 2024

May 3, 2024

Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 22 Samhain 2024.

Táimid ag obair go fóill ar chlár an lae, ach beidh sé spreagúil agus fairsing, mar a bhíonn i gcónaí. Foilseofar ar www.gaeloideachas.ie é amach anseo, agus scaipfear eolas ina leith ar ríomhphost.

Bíonn an-éileamh ar lóistín le linn an Tionóil Forbartha i gcoitinne agus molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. 

Tá ráta speisialta ar fáil do rannpháirtithe an Tionóil (ag brath ar sheomraí bheith fós ar fáil). Chun leas a bhaint as an ráta seo (€145 do sheomra singil, €95 in aghaidh an duine do sheomra dúbailte/dhá leaba – bricfeasta san áireamh i ngach ceann), bain leas as an gcód GAEL24 ar shuíomh an óstáin www.slieverussell.ie. Caithfear é a chur in áirithe trí shuíomh an óstáin amháin.