Samhain Scáfar chugainn… 💀

Oct 10, 2025

Tá Samhain ar an mbealach chugainn agus a lán neacha scanrúla eagraithe ag Gaeloideachas le cúnamh a thabhairt do mhúinteoirí agus do theaghlaigh! Tá bileog nua ar fáil anseo gach lá ón 8ú ar aghaidh le híomhá le dathú agus cuir síos ar an neach scáfar scanrúil sin iIs féidir éisteacht leis freisin). Tosaíodh leis An Púca, Aosán agus Súmaire agus casfaimid le cairde idir shean agus nua go dtí go bhfuilimid ar thairseach na hoíche móire. Beidh an t-eolas ar fad sna nuachtlitreacha (cláraigh anseo) agus ná dearmad ar ár leathanach Samhain 🔥 Oíche Shamhna 🦇 Féile Na Samhna mar fhoinse eolais freisin.