Samhain Scáfar Chugainn…

Tá Samhain ar an mbealach chugainn agus a lán neacha scáfara eagraithe ag Gaeloideachas do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do theaghlaigh! Gach lá ó inniu 8 Samhain ar aghaidh, trí cliceáil ar an nasc thíos, seolfar bileog oibre chugat don rang le híomhá de neach scáfar scanrúil. Is féidir an íomhá a dhathú agus tá nasc fuaime leis a chuireann síos ar an neach féin. Tosófar inniu leis An Púca agus casfaidh sibh gach lá le “cairde” nua go dtí go bhfuilimid ar thairseach na hoíche móire. Cliceáil thíos chun cuairt laethúil a fháil as seo go hOíche Shamhna ó neacha scáfara óna saolta eile……. coinnigh do mhisneach, beidh sé ag teastáil!
Dóibh siúd a bheidh ró-scanraithe casadh le na neacha scáfara, seo thíos leagan nua de Leabhrán Dathúcháin na Samhna ó Gaeloideachas ina bhfuil léaráidí iontacha le dathú, foclóir d’Oíche Shamhna, rannta féiltiúla, puzail spraíúla agus liosta áiseanna do thuismitheoirí. Bainig spraoi as!