Scéal do na Tuismitheoirí

Jul 8, 2026

Tá tionscadal taighde nua á sheoladh ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh chun tacú le leanaí óga a labhraíonn Gaeilge agus lena bhfolláine chumarsáide.

Tá taighdeoirí i Roinn na nEolaíochtaí Urlabhra agus Éisteachta ag forbairt uirlis mheasúnaithe urlabhra trí Ghaeilge, a chabhróidh le teiripeoirí urlabhra agus teanga neamhoird fuaime urlabhra a dhiagnóisiú agus a chóireáil trí mheán na Gaeilge.

Tá siad ag lorg páistí idir 3–7 mbliana d’aois a labhraíonn Gaeilge agus nach bhfuil aon deacrachtaí urlabhra ná teanga acu faoi láthair chun páirt a ghlacadh sa staidéar. Beidh tuismitheoirí páirteach freisin!

Chun spéis a léiriú nó ceisteanna a chur:

106170871@umail.ucc.ie / C.OToole@ucc.ie

083 421 5360