Scéal na Scéime, Eagrán 2

Aug 5, 2025

CathairnaMart 99079e014505143c

Roimh na Nollag, dfhoilsigh an tAonad Um Oideachas Gaeltachta an 2ra heagrán de Scéal na Scéime, nuachtlitir na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Is ceiliúradh ar na hócáidí bronnta aitheantais mar scoileanna Gaeltachta ar 120 scoil  Ghaeltachta roimh na Nollag atá san eagrán. Tá sé lán le grianghraif de dhaltaí agus múinteoirí óna scoileanna éagsúla agus iad chomh bródúil as a gcuid oibre. Tá tuairimí múinteoirí agus daltaí faoin Scéim le léamh ann chomh maith.  “d’aithin sé is dócha na mórspriocanna atá i gcoiteann ag na scoileanna Gaeltachta ar fad – más bunscoileanna nó iar-bhunscoileanna iad – agus thug sé na huirlisí, an fráma agus an scafall dúinn dul i mbun oibre i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach.” a dúirt Seán Óg Ó Duinnín, Príomhoide Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh faoin Scéim. Seo mar a labhair Jamie Ó Duinn, scoláire sa scoil chéanna  “Is dócha go ndeachaigh an Scéim i bhfeidhm ar an dearcadh atá againn maidir le húsáid na Gaeilge go sóisialta. Táimse féin mar chathaoirleach ar choiste Gaolainne na scoile agus ‘sé an aidhm atá leis an gcoiste ná úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil trí imeachtaí a eagrú do na daltaí ionas gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid ar bhealach spraíúil lasmuigh den rang. Is a bhuíochas leis an Scéim gur bhunaíomar an coiste.”

Scéal na Scéime, Eagrán 2