Products

Cart

Scéalta Gleoite do Pháiste ar SoundCloud

by | Dec 4, 2019 | Ginearálta, Muinteoirí, Tuismitheoirí

Tá scéalta atá feiliúnach do gach aoisghrúpa paistí le cloisteáil ar Soundcloud mar chuid de thionscadal atá faoi bhun ag An Gúm le roinnte blianta anuas.

Áirítear leabhair do pháistí ar chatalóg an Ghúim ó na blianta tosaigh i leith ach le cúig bliana is fiche anuas tháinig forbairt iontach ar an ghné seo den obair agus tá an fhorbairt seo le tabhairt faoi dearadh de bharr go bhfuil dlúthdhioscaí istigh le roinnt mhaith de na leabhair seo, scéalta ar nós Béirín Na Picnice mar aon le go leor eile ach cúpla bliain anuas tá réimse an-leathan de scéalta seo á léamh ar SoundCloud.

Tá meascán iontach de scéalta le cloisteáil atá á léamh ag scéalaithe éagsúla, ina measc tá Micheál Ó hUanacháin, Máire Breatnach, Gabriel Rosenstock agus MacDara Ó Conaola as Inis Oírr.

Le bua na cainte tugann an scéalaí na scéalta aoibhinn seo chun beocht agus anuas ar seo tá ceol binn le cloisteáil i dteannta cuid mhaith acu agus beidh na páistí faoi dhraíocht acu.

I measc na scéala ar féidir éisteacht leo ar SoundCloud tá An Tornapa Mór Millteach, Micí Moncaí, Asal Uasal, Cití Sa Gheimhreadh, Cinnín Óir agus na Trí Bhéar, Na Trí Ghabhar Chliste, An Seilide Agus An Míol Mór, Oíche Na Stoirme, An Sicín Beag Buí, An Píobaire Breac, Mo Bhaile Beag Féin, Bronntanas Do Mhamaí, An Sionnach Glic Agus An Chircín Rua, Béirín Na Picnice, Ruairí agus Úna ar an bhFeirm mar aon le go leor scéalta eile.

Éist le scéalta an Gúm anseo