Products

Cart

Scoileanna nua i dTeach Sagard agus Domhnach Bat

by | Mar 27, 2020 | Ginearálta, Muinteoirí, Nuacht ar fad, Scoileanna Nua, Tuismitheoirí

Cuireann Gaeloideachas fáilte mhór roimh na bunscoileanna nua a bheidh ag oscailt i 2020: Gaelscoil Lir i dTeach Sagard agus Gaescoil na Mara i nDomhnach Bat. 

Féach thíos an fógra ón bhForas Pátrúnachta ina leith:

A Chairde,

GRMA as bhur dtacaíocht Gaelscoileanna a bhunú i dTeach Sagard agus Domhnach Bat agus as vótáil ar son An Foras Pátrúnachta leis na scoileanna nua a rith. D’éirigh lenár n-iarratais agus osclóidh Gaelscoil Lir agus Gaelscoil na Mara i mí Mheán Fómhair!

Tá eolas breise, foirmeacha clárúcháin agus eile ar fáil ar an suíomh ag:

http://gaelscoil4all.ie/ga/scoileanna-nua/teachsagard/ agus http://gaelscoil4all.ie/ga/scoileanna-nua/domhnachbat/

Cuirfimid nuashonruithe amach ar Facebook, chuig an liosta rphost agus ar an suíomh.

Is cúis mhór áthais dúinn an ghaelscoil nua a bhunú ach beidh sé níos deacra orainn an scéal a scaipeadh mar gheall ar an víreas. Ar an ábhar sin, bheimís an-bhuíoch dá scaipfeadh sibh an scéal le tuistí eile an cheantair.

Le buíochas,
Cormac
Bainisteoir Scoile