Urraitheoirí agus Seastáin ag Tionól Forbartha 2025

Seo thíos na heagraíochtaí agus comhlachtaí a mbeidh linn ag an Tionól Forbartha in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, ar an 21 Samhain 2025.

Gabhaimid buíochas ar leith le COGG, ár gcomhpháirtithe, le Toomey AV, atá ag déanamh urraíocht ar na sóláistí ag am sosa, agus le Flex Communications, atá ag déanamh urraíocht ar an lón agus dinnéar. 

Bígí cinnte cuairt a thabhairt orthu agus sibh ag baint sult as an tae agus caife! 

Urraitheoirí

Flex Communications

Flex Communications

Teileafónaíocht Scamaill, Líonraí WiFi, Suiteáil CCTV, agus Cáblaí Líonra

Ag Flex Communications, déanfaimíd sainfheidhmiú ar seirbhísí suiteála gairmiúla, lena n-áirítear Teileafónaíocht Scamaill, Líonraí WiFi, Suiteáil CCTV, agus Cáblaí Líonra ar fud oileán na hÉireann. Le blianta taithí san earnáil, soláthraíonn ár saineolaithe réitigh ar ardchaighdeáin atá oiriúnaithe do scoileanna agus gnólachtaí. An bhfuil tú ag uasghrádú córais chumarsáide, ag cur le slándáil, nó ag feabhsú feidhmíochta líonra? Cuirimid seirbhísí iontaofa agus éifeachtacha ar fáil le béim láidir ar shástacht na gcustaiméirí. Táimid bródúil as ár gcáil agus táimid tiomanta do sheirbhís den chaighdeán is airde a sholáthar gach uair. Bíodh muinín agat as Flex Communications chun do ghnó a chumhachtú le suiteálacha cliste, éifeachtacha agus gairmiúla.

Toomey Audio Visual

Toomey Audio Visual

Comhlacht Oideachais

Tá Toomey Audio Visual ag freastal ar scoileanna na tíre le 55 bliain anuas maidir le riachtanais closamharc. I rith na tréimhse sin, thuill Toomey Audio Visual cáil dóibh féin maidir le caighdeán an trealaimh, na seirbhíse agus na tacaíochta a chuireann siad ar fáil. Soláthraíonn siad trealamh idirghníomhach Clevertouch agus Iiyama, teilgeoirí Epson agus Vivitek chomh maith le réimse trealaimh fuaime agus córais chomharthaíochta digiteacha.

COGG

COGG

Acmhainní, tacaíocht, taighde

Déanann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta freastal ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith. Tá trí mhór-réimse oibre ag an gComhairle: soláthar acmhainní teagaisc, seirbhísí taca agus taighde.

Seastáin

An Foras Pátrúnachta

An Foras Pátrúnachta

Pátrún scoile

Is é an Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun- agus ag an iar-bhunleibhéal. Tá 80 scoil faoina bpátrúnacht. Tá an Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach/Protastúnach) acu.

An Gúm

An Gúm

Foilseacháin agus áiseanna

Cuireann an Gúm foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Ar an gcaoi seo, tacaíonn An Gúm le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

An tÁisaonad

An tÁisaonad

Áiseanna

Cruthaíonn An tÁisaonad áiseanna foghlama agus teagaisc ardchaighdeáin atá saindírithe ar riachtanais daltaí Gaelscoile. Cuireann na háiseanna nuálacha le heispéireas foghlama an dalta, le teagasc éifeachtach an mhúinteora agus le forbairt earnáil na Gaelscolaíochta trí chéile, thuaidh agus theas. Tá an tÁisaonad lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.

An Príomh-Oifig Staidrimh

An Príomh-Oifig Staidrimh

Ábhar staidrimh neamhspleách

I ndomhan ina bhfuil an-chuid sonraí ar fáil, cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh fíricí iontaofa ar fáil. Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh Institiúid Staidrimh Náisiúnta na hÉireann. Is é an ról atá againn ábhar staidrimh neamhspleách a sholáthar faoi shochaí, faoi gheilleagar agus faoi thimpeallacht na tíre, staitisticí atá ar fáil go háisiúil ag an uile dhuine agus a thacaíonn le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise.

An tOireachtas

An tOireachtas

Gréasán na nGael

Reáchtálann Oireachtas na Gaeilge príomhfhéile bhliantúil na nGael, Oireachtas na Samhna, chomh maith le Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Léacht Bhliantúil an Oireachtais agus a lán eile.

Bytek Managed Print

Bytek Managed Print

Seirbhísí Priontála Bainistithe

Ag Bytek Managed Print tuigimid gur gné ríthábhachtach de ghnó rathúil é bainistíocht costais, agus táimid anseo chun cabhrú leat. Trí chomhpháirtíocht a dhéanamh linn, is féidir leat taitneamh a bhaint as raon buntáistí a laghdóidh ní hamháin do chostais phriontála ach a shruthlíneoidh d’oibríochtaí freisin. Déanann ár dteicneolaíocht den scoth do phróisis phriontála a bharrfheabhsú, rud a ligeann duit dramhaíl a laghdú, acmhainní a chaomhnú, agus éifeachtúlacht fhoriomlán a mhéadú.

CK Studios School Pictures

CK Studios School Pictures

Grianghraif scoile

Tá gradaim buaite ag ár ngrianghrafadóir, Colm, agus tá córas uathoibríoch againn le gur féidir le tuismitheoirí orduithe a dhéanamh, chun nach mbeidh ar an scoil tabhairt faoin riarachán. Tugann muid 10% ar ais don scoil  ar gach díolachán.

Cló Iar-Chonnacht

Cló Iar-Chonnacht

Foilsitheoir leabhair

Foilsíonn CIC, atá lonnaithe i gConamara, réimse an-leathan litríochta: cnuasachtaí filíochta, gearrscéalta agus amhrán, úrscéalta, leabhair do dhéagóirí, leabhair do pháistí, tráchtais taighde agus leabhair staire. Foilsíonn siad táirgí ceoil freisin: taifeadtaí sean-nóis, ceoltóirí aonair, grúpaí traidisiúnta, srl.

Cumann na bhFiann

Cumann na bhFiann

Ógeagras

Trí chúrsaí, clubanna óige, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a reáchtáil díríonn Cumann na bhFiann ar chúnamh a thabhairt do dhaoine óga a líofacht agus a muinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt agus grá agus meas ar ár dteanga dhúchais a chothú iontu freisin. Eagraíonn Chumann na bhFiann sraith turais scoile, ‘Carnabhal na nGaelscoileanna’, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá rogha sé ionad éagsúil, ina mbeidh Carnabhal na nGaelscoileanna ar siúl i 2024. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den seomra ranga/geataí na scoile agus cur leis an dea-obair atá ar siúl agaibh cheana féin sa scoil.

COMHAR

COMHAR

Foilsitheoirí

Is foilsitheoir é COMHAR atá ag plé le réimsí ilghnéitheacha de scríbhneoireacht na Gaeilge.

Conradh na Gaeilge

Conradh na Gaeilge

Eagraíocht pobail

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Tá idir ranganna Gaeilge, abhcóideacht ar son chearta teanga, Seachtain na Gaeilge, PEIG.ie, An Siopa Leabhar, thacaíocht do Raidió Rí-Rá agus eile ar bun ag an eagraíocht.

Dalen Éireann

Dalen Éireann

Foilsitheoir leabhair

Foilsíonn Dalen Éireann úrscéalta grafacha agus stiallghreannáin i nGaeilge. Foilsíonn Dalen Cyf úrscéalta agus stiallghreannáin i mBreatnais, i gCoirnis, in Albainis agus i mBéarla freisin.

DBG Mata/Súil Siar

DBG Mata/Súil Siar

Áis iomlánaíoch do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí sa Mhata, san Eolaíocht agus sna hábhair ar fad gaolta leo!

Tá sé mar sprioc againn ábhar d’ardchaighdeán a chur ar fáíl do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí araon agus líonra múinteoirí a fhorbairt áit gur féidir áiseanna, dea-chleachtais, taithí agus tuilleadh a roinnt.

Edco

Edco

Urraitheoirí agus Foilsitheoirí

Buíochas mór le EdCo as urraíocht a dhéanamh ar an gcóras fuaime le haghaidh siamsaíocht na hoíche ag Ceiliúradh 50 Gaeloideachas!

Tá Edco ag foilsiú leabhar i réimse na bunscolaíochta agus na hiarbhunscolaíochta le breis agus céad bliain. Foilsítear téacsleabhair, leabhair athbhreithnithe, páipéir scrúduithe, r-leabhair, acmhainní digiteacha, srl. a thacaíonn leis an gcuraclam.

Examcraft

Examcraft

Páipéir scrúdaithe bréige

Is é Examcraft an príomhsholáthraí páipéir scrúdaithe bréige do scrúduithe bréige Réamh-Ardteistiméireachta agus Réamh-Shraith Shóisearach.

Gael-Linn

Gael-Linn

Fondúireacht

An phríomhaidhm atá ag Gael Linn ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur cinn ar fud Éireann uile mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Eagraíonn siad imeachtaí do bhunscoileanna & d’iar-bhunscoileanna – Coirm, Féilte Peile, Gaelbhratach, Díospóireachtaí, Scléip, Siansa, Abair, Tráth na gCeist.

Global Village & World Wise Global Schools

Global Village & World Wise Global Schools

Clár Oideachais Saoránachta Domhanda (GCE)

Is é aidhm an chláir ná líon na suíomhanna iar-bhunscoile a bhíonn ag gabháil d’oideachas saoránachta domhanda ar ardchaighdeán a mhéadú trí raon cuimsitheach tacaíochtaí a sholáthar.

ILT Education (Giglets)

ILT Education (Giglets)

Acmhainní foghlama

Cuireann ILT Education UK acmhainní digiteacha ar ardchaighdeán ar fáil a thacaíonn le litearthacht, foghlaim ilteangach, agus oideachas cuimsitheach. Cuidímid le hoideoirí eispéiris foghlama chuimsitheacha, inrochtana agus tarraingteacha a chruthú do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais tacaíochta breise acu.

Kinia

Kinia

Fiontar sóisialta dírithe ar an oideachas

Eagraíocht neamhbhrabúis, carthanas, agus fiontar sóisialta dírithe ar an oideachas muid, agus teastaíonn uainn cinntiú go mbeidh deiseanna ar fhorbairt scileanna agus deiseanna foghlama curtha ar fáil do do leanaí agus daoine óga ionas go mbeidh rath orthu amach anseo. Is mian linn go mbeidh tacaíocht d'éagsúlacht agus ionchuimsiú ina bhunchloch don saol ionas go mbeidh gach duine óg in ann a gcuid mianta a bhaint amach. 

The Klaaskickz Academy

The Klaaskickz Academy

Ranganna sacar

Spraoi, cuimsiú, tógáil muiníne agus scileanna gluaiseachta bunúsacha trí ranaganna sacar do pháistí agus daoine óga.

Lámh Chúnta

Lámh Chúnta

Acmhainní don seomra ranga

Cuireann Lámh Chúnta réimse acmhainní ar fáil chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí don fhoghlaimeoir agus don mhúinteoir: leabhair, leabhair saothair, cluichí teanga agus cumarsáide, Fónaic agus Rann, srl.

Leabhair Pháistí Éireann

Leabhair Pháistí Éireann

Grá don léitheoireacht a spreagadh

Tá sé de chumhacht ag an léitheoireacht saol duine a athrú. Tá sé d’aidhm ag obair Leabhair Pháistí Éireann an inspioráid agus an cumas a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga léitheoirí fad saoil a dhéanamh díobh féin. Tacaíonn muid le húdair agus maisitheoirí, agus cuireann muid daoine fásta a mbíonn tionchar acu ar pháistí agus ar léitheoireacht na bpáistí ar an eolas.

Maratacht

Maratacht

Cursaí Gaeltachta ar Oileán Chléire

Cursaí Gaeltachta do dhéagóirí le béim ar imeachtaí mara. 

Oide

Oide

Seirbhís Tacaíochta do Mhúinteoirí agus do Cheannairí Scoile

Seirbhís tacaíochta nua de chuid na Roinne Oideachais do scoileanna, a bunaíodh ó chomhtháthú ceithre sheirbhís tacaíochta a bhí ann cheana féin: an Lárionad um Cheannaireacht Scoile, an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí, an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí. Is í an aidhm atá ag Oide ná cabhrú le foghlaim ghairmiúil ceannairí scoile agus múinteoirí agus é sin a dhéanamh ar bhealaí ceannródaíocha, nuálacha a chinntíonn go mbíonn na heispéiris foghlama is fearr ag foghlaimeoirí óga.

Oifig an Choimisinéara Teanga

Oifig an Choimisinéara Teanga

Seirbhís Ombudsman

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí. Is é bunchuspóir an Achta go mbeadh breis seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge ón tseirbhís phoiblí. Fiosraíonn an Oifig gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoin Acht. Cuireann an Oifig comhairle ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga agus do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.

Picnic Press

Picnic Press

Teach foilsitheoireachta do léitheoirí óga

Táimid paiseanta faoi leabhair Ghaeilge. An aidhm atá ag Picnic Press ná leabhair ar ardchaighdeán a chruthú do léitheoirí óga, do thuismitheoirí agus do chúramóirí. Leabhair clóbhuailte in Éirinn. Bí ag spraoi, ag léamh agus ag canadh!

Teastas Eorpach na Gaeilge

Teastas Eorpach na Gaeilge

Córas Theistithe

Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge.Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa  chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa. Tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.

The Upping Company

The Upping Company

Dearadh suíomhanna idirlín

Cuireann The Upping Company suíomhanna idirlín ar ardchaighdeáin, atá cost-éifeachtach agus éasca le bainistiú. Tá siad mar chomhpháirtí ag Gaeloideachas sa scéim An Nead, a chabhraíonn le naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta gur mian leo suíomh idirlín a fhorbairt.

Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tuismitheoirí na Gaeltachta

Seirbhísí agus imeachtaí

Eagraíocht náisiúnta Gaeltachta í Tuismitheoirí na Gaeltachta a chuireann cúnamh, seirbhísí, imeachtaí, deiseanna teagmhála agus comhairle ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógaint a gcuid leanaí le Gaelainn sa Ghaeltacht, nó gur mhaith leo sin a dhéanamh.

TG4 Foghlaim

TG4 Foghlaim

Comhthionscnamh Oideachais

Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim. Cuireann TG4 Foghlaim acmhainní ar fáil ar líne do bhunscoileanna, don tSraith Shóisearach agus don tSraith Shinsearach.

Rockfield Educational Resources

Rockfield Educational Resources

Comhlacht Acmhainní Oideachasúla

Déanann Rockfield Educational Resources póstaeir PVC ar ghramadach na Gaeilge, an Stair, an Tír Eolaíocht, an Mhatamaitic agus an Fholláine. Déantar na póstaeir seo ar ard-chaighdeán agus tá siad so-léite ó áit ar bith sa seomra ranga.

Scéalta Saolta

Scéalta Saolta

Leabhair Ghaeilge

Leabhair áille úra Gaeilge le nótaí teagaisc agus foghlama

STEAMkits.ie

STEAMkits.ie

Trealamh STEAM

Cuireann ár dtrealamh STEAM deireadh le ham ullmhúcháin, agus tá acmhainní buana, in-athúsáidte againn a shábhálann airgead ort agus a laghdaíonn dramhaíl. Foirfe do gach leibhéal foghlama, tacaíonn ár dtrealamh  le gníomhaíochtaí atá saincheaptha do chumais éagsúla, ag cinntiú go bhfuil gach dalta rannpháirteach agus go bhfuil tacaíocht ann dóibh.

Studyclix

Studyclix

Suíomh don staidéar agus teagaisc

An suíomh gréasáin is mó do staidéar agus teagaisc in Éirinn. Tá na hábhair miondealaithe againn ina dtopaicí beaga chun an staidéar a dhéanamh níos soláimhsithe. I ngach topaic tá na ceisteanna scrúdaithe sa topaic sin ar fáil, chomh maith leis na scéimeanna marcála a théann leo.