Urraitheoirí agus Seastáin ag Tionól Forbartha 2026
Seo thíos na heagraíochtaí agus comhlachtaí a mbeidh linn ag an Tionól Forbartha in Óstán Slieve Russell ar an 13 Samhain 2026.
Gabhaimid buíochas ar leith le Foras na Gaeilge, príomh mhaoinitheoirí an Tionóil, le COGG, ár gcomhpháirtithe, agus le Edco, atá ag déanamh urraíocht ar an bhfáiltiú fíona roimh dhinnéar na comhdhála. Bígí cinnte cuairt a thabhairt orthu agus sibh ag baint sult as an tae agus caife!
Urraitheoirí

COGG
Acmhainní, tacaíocht, taighde
Déanann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta freastal ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith. Tá trí mhór-réimse oibre ag an gComhairle: soláthar acmhainní teagaisc, seirbhísí taca agus taighde.

Edco
Urraitheoirí agus Foilsitheoirí
Tá Edco ag foilsiú leabhar i réimse na bunscolaíochta agus na hiarbhunscolaíochta le breis agus céad bliain. Foilsítear téacsleabhair, leabhair athbhreithnithe, páipéir scrúduithe, r-leabhair, acmhainní digiteacha, srl. a thacaíonn leis an gcuraclam.
Seastáin

An Foras Pátrúnachta
Pátrún scoile
Is é an Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun- agus ag an iar-bhunleibhéal. Tá 80 scoil faoina bpátrúnacht. Tá an Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach/Protastúnach) acu.

An Gúm
Foilseacháin agus áiseanna
Cuireann an Gúm foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Ar an gcaoi seo, tacaíonn An Gúm le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Cumann na bhFiann
Ógeagras
Trí chúrsaí, clubanna óige, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a reáchtáil díríonn Cumann na bhFiann ar chúnamh a thabhairt do dhaoine óga a líofacht agus a muinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt agus grá agus meas ar ár dteanga dhúchais a chothú iontu freisin. Eagraíonn Chumann na bhFiann sraith turais scoile, ‘Carnabhal na nGaelscoileanna’, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá rogha sé ionad éagsúil, ina mbeidh Carnabhal na nGaelscoileanna ar siúl i 2024. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den seomra ranga/geataí na scoile agus cur leis an dea-obair atá ar siúl agaibh cheana féin sa scoil.

Oifig an Choimisinéara Teanga
Seirbhís Ombudsman
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí. Is é bunchuspóir an Achta go mbeadh breis seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge ón tseirbhís phoiblí. Fiosraíonn an Oifig gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoin Acht. Cuireann an Oifig comhairle ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga agus do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.

Lámh Chúnta
Acmhainní don seomra ranga
Cuireann Lámh Chúnta réimse acmhainní ar fáil chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí don fhoghlaimeoir agus don mhúinteoir: leabhair, leabhair saothair, cluichí teanga agus cumarsáide, Fónaic agus Rann, srl.

Tuismitheoirí na Gaeltachta
Seirbhísí agus imeachtaí
Eagraíocht náisiúnta Gaeltachta í Tuismitheoirí na Gaeltachta a chuireann cúnamh, seirbhísí, imeachtaí, deiseanna teagmhála agus comhairle ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógaint a gcuid leanaí le Gaelainn sa Ghaeltacht, nó gur mhaith leo sin a dhéanamh.

ILT Education (Giglets)
Acmhainní foghlama
Cuireann ILT Education UK acmhainní digiteacha ar ardchaighdeán ar fáil a thacaíonn le litearthacht, foghlaim ilteangach, agus oideachas cuimsitheach. Cuidímid le hoideoirí eispéiris foghlama chuimsitheacha, inrochtana agus tarraingteacha a chruthú do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais tacaíochta breise acu.

Glanmore Foods
Comhlacht Bia
Déanann agus soláthraíonn Glanmore Foods bia atá sláintiúil, beathúil agus blasta (sneaiceanna, lóin, clubanna bricfeasta agus clubanna obair bhaile) do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna. Déanann siad freastal, faoi láthair, ar bhreis agus 300 scoil gach lá, ag freastal ar riachtanais 38,000+ daoine óga.

Ciúnas Learning
Foilsitheoirí agus teic
Is foilsitheoir oideachais agus comhlacht teicneolaíochta Éireannach é Ciúnas Learning a fhorbraíonn cláir foghlama nuálacha d’iar-bhunscoileanna.
Tacaíonn ár gcláir le forbairt phearsanta, folláine agus scileanna saoil na scoláirí, ón Idirbhliain go dtí OSPS na Sraithe Sinsearaí.
Cuirimid leabhair do scoláirí, acmhainní do mhúinteoirí, cuir i láthair, bileoga oibre agus tráthanna na gceist idirghníomhacha ar fáil, le hábhar i mBéarla agus réimse ábhair i nGaeilge atá ag fás.
Tá ár n-ardán digiteach, Ciúnas Atlas, á fhorbairt chun acmhainní teagaisc, punanna scoláirí agus rianú dul chun cinn foghlama a thabhairt le chéile in aon áit amháin.
Trí mhachnamh struchtúrtha agus uirlisí foghlama digiteacha, tá sé mar aidhm againn cabhrú le scoláirí a bheith níos muiníní, níos neamhspleáiche agus níos machnamhaí ina gcuid foghlama.

An tÁisaonad
Áiseanna
Cruthaíonn An tÁisaonad áiseanna foghlama agus teagaisc ardchaighdeáin atá saindírithe ar riachtanais daltaí Gaelscoile. Cuireann na háiseanna nuálacha le heispéireas foghlama an dalta, le teagasc éifeachtach an mhúinteora agus le forbairt earnáil na Gaelscolaíochta trí chéile, thuaidh agus theas. Tá an tÁisaonad lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.

Kinia
Fiontar sóisialta dírithe ar an oideachas
Eagraíocht neamhbhrabúis, carthanas, agus fiontar sóisialta dírithe ar an oideachas muid, agus teastaíonn uainn cinntiú go mbeidh deiseanna ar fhorbairt scileanna agus deiseanna foghlama curtha ar fáil do do leanaí agus daoine óga ionas go mbeidh rath orthu amach anseo. Is mian linn go mbeidh tacaíocht d'éagsúlacht agus ionchuimsiú ina bhunchloch don saol ionas go mbeidh gach duine óg in ann a gcuid mianta a bhaint amach.

Conradh na Gaeilge
Eagraíocht pobail
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Tá idir ranganna Gaeilge, abhcóideacht ar son chearta teanga, Seachtain na Gaeilge, PEIG.ie, An Siopa Leabhar, thacaíocht do Raidió Rí-Rá agus eile ar bun ag an eagraíocht.

Global Village & World Wise Global Schools
Clár Oideachais Saoránachta Domhanda (GCE)
Is é aidhm an chláir ná líon na suíomhanna iar-bhunscoile a bhíonn ag gabháil d’oideachas saoránachta domhanda ar ardchaighdeán a mhéadú trí raon cuimsitheach tacaíochtaí a sholáthar.

Rockfield Educational Resources
Comhlacht Acmhainní Oideachasúla
Déanann Rockfield Educational Resources póstaeir PVC ar ghramadach na Gaeilge, an Stair, an Tír Eolaíocht, an Mhatamaitic agus an Fholláine. Déantar na póstaeir seo ar ard-chaighdeán agus tá siad so-léite ó áit ar bith sa seomra ranga.

Foghlaim TG4
Comhthionscnamh Oideachais
Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim. Cuireann TG4 Foghlaim acmhainní ar fáil ar líne do bhunscoileanna, don tSraith Shóisearach agus don tSraith Shinsearach.

Gaelchultúr
Cúrsaí agus acmhainní Gaeilge
Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh in 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge.

JD Resources
Comhlacht Oideachais
Tá JD Resources ag freastal ar riachtanais bhunscoileanna na tíre le breis agus fiche bliain anuas. Soláthraíonn siad réimse leathan agus éagsúil léarscáileanna, taispeántais lasmuigh, acmhainní bithéagsúlachta, folláine, cairteacha airde agus go leor eile nach iad.

4Schools
Foilsitheoirí
Is é 4schools (cuid de ghrúpa Examcraft) príomhsholáthraí dialanna scoile, féilírí pleanála múinteora agus cairteacha oideachais in Éirinn, agus iad uile ar fáil i mBéarla nó i nGaeilge.

Léigí Amach É - Úna Lawlor
Is pacáiste é Léigí amach é! (Cló Átha Cliath/COGG) a chuir an Dr Úna Lawlor, le chéile chun an léitheoireacht a mhúineadh do dhaltaí RSO ach go háirithe, daltaí a mbíonn deacrachtaí acu leis an léitheoireacht nó a bhfuil an disléicse ag dul dóibh. Toisc go gcuirtear béim ar leith ar fhuaimeanna na Gaeilge, oireann an clár do dhaltaí sóisearacha na nGaelscoileanna - a mbíonn 28 fóinéim sa bhreis le foghlaim acu, más é an Béarla a dteanga baile. Tá fuaimrian na gceachtanna ar fad curtha ar fáil ar líne agus rogha chainteoirí na nGaeltachtaí le cloisteáil ansin.
Gach eolas ó cloathacliath@gmail.com

Dalen Éireann
Foilsitheoir leabhair
Foilsíonn Dalen Éireann úrscéalta grafacha agus stiallghreannáin i nGaeilge. Foilsíonn Dalen Cyf úrscéalta agus stiallghreannáin i mBreatnais, i gCoirnis, in Albainis agus i mBéarla freisin.

The Upping Company
Dearadh suíomhanna idirlín
Cuireann The Upping Company suíomhanna idirlín ar ardchaighdeáin, atá cost-éifeachtach agus éasca le bainistiú. Tá siad mar chomhpháirtí ag Gaeloideachas sa scéim An Nead, a chabhraíonn le naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta gur mian leo suíomh idirlín a fhorbairt.

Oide
Seirbhís Tacaíochta do Mhúinteoirí agus do Cheannairí Scoile
Seirbhís tacaíochta nua de chuid na Roinne Oideachais do scoileanna, a bunaíodh ó chomhtháthú ceithre sheirbhís tacaíochta a bhí ann cheana féin: an Lárionad um Cheannaireacht Scoile, an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí, an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí. Is í an aidhm atá ag Oide ná cabhrú le foghlaim ghairmiúil ceannairí scoile agus múinteoirí agus é sin a dhéanamh ar bhealaí ceannródaíocha, nuálacha a chinntíonn go mbíonn na heispéiris foghlama is fearr ag foghlaimeoirí óga.

Scéalta Saolta
Leabhair Ghaeilge
Leabhair áille úra Gaeilge le nótaí teagaisc agus foghlama

Leabhair Pháistí Éireann
Grá don léitheoireacht a spreagadh
Tá sé de chumhacht ag an léitheoireacht saol duine a athrú. Tá sé d’aidhm ag obair Leabhair Pháistí Éireann an inspioráid agus an cumas a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga léitheoirí fad saoil a dhéanamh díobh féin. Tacaíonn muid le húdair agus maisitheoirí, agus cuireann muid daoine fásta a mbíonn tionchar acu ar pháistí agus ar léitheoireacht na bpáistí ar an eolas.

Gael-Linn
Fondúireacht
An phríomhaidhm atá ag Gael Linn ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur cinn ar fud Éireann uile mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Eagraíonn siad imeachtaí do bhunscoileanna & d’iar-bhunscoileanna – Coirm, Féilte Peile, Gaelbhratach, Díospóireachtaí, Scléip, Siansa, Abair, Tráth na gCeist.

Teastas Eorpach na Gaeilge
Córas Theistithe
Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge.Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa. Tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.

Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí
Imeachtaí
Is é Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí an gréasán nua a bunaíodh chun daoine atá ag obair san earnáil phoiblí a thabhairt le chéile agus a bhfuil suim acu a gcuid Gaeilge a úsáid, a chleachtadh nó a fhorbairt ag ócáidí rialta. Tá sé beartaithe 4 mhór-imeacht ar an meán a reáchtáil in aghaidh na bliana, mar aon le himeachtaí réigiúnacha, sainspéise agus imeachtaí éagsúla inniúlachta.

Ógras
Clubanna óige
Tacaíonn Ógras le daoine óga timpeall na tíre, ag tabhairt seans dóibh teacht le chéile agus páirt a ghlacadh in imeachtaí trí mheán na Gaeilge.
Tá dhá aoisghrúpa i gceist le clubanna Ógras; Óg-Ógras dírithe ar pháistí 8 – 12 bhliain d’aois agus Ógras dírithe ar dhéagóirí 13 – 18 mbliana d’aois. Déantar iarracht na clubanna seo a reáchtáil ar bhun seachtainiúil agus turais is imeachtaí eile a eagrú de réir a chéile.
Is féidir le Ógras tacú leis an phobal clubanna óige trí Ghaeilge a bhunadh, daoine a threorú maidir leis na himeachtaí éagsúla gur féidir a eagrú, oiliúint a thabhairt do cheannairí áitiúla, comhairle a thabhairt maidir le cúrsaí airgid, árachais is eile.

Cipher DCU-TCD
Acmhainní Foghlama
Is ríomhchluiche é Cipher Faoi Gheasa atá deartha i mbealach spreagúil, spraíúil chun tacú le foghlaim an litrithe agus na léitheoireachta i Gaeilge. Freastalaíonn an cluiche ar éagsúlacht leibhéal cumais trí ‘foghlaim oiriúnaitheach’ – athraíonn léibhéil deacrachta na scéalta de réir dul chun cinn an imreora. Tá frámaíocht mhodúlach ag an gcluiche, mar sin is féidir scéalta nua, geasa nua, cluichí nua, nó fiú teanga foghlama nua a chur leis gan dua.