Seimineáir ar Líne le Gaeloideachas

Tá an chéad dá sheimineár thíos dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí:
(1) chun tosú amach sa Ghaelscoil i 2025
(2) ar thuismitheoirí a mbeidh a gclann ag dul ar aghaidh chuig an iar-bhunscolaíocht i nGaelcholáiste. Is fiú an t-eolas a roinnt le pobal tuismitheoirí bhur scoileanna.
Sa triú seimineár:
(3) Tá cur i láthair dírithe ar mhúinteoirí naíonra agus ranganna naíonán ón teiripeoir saothair Naomi Ambury. Bíonn Naomi ag obair le páistí le néaraéagsúlacht agus cuireann sí comhairle ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí freisin.
(1) Ag ullmhú don scoil 2025 / Preparing for the Gaelscoil 2025
Seimineár ar líne do Thuismitheoirí:
Ar an gCéadaoin an 14 Bealtaine idir 19.00-20.00, reáchtáilfidh Gaeloideachas seimineár ar líne do thuismitheoirí: Ag ullmhú don scoil 2025. Bí linn agus éist le h-aoichainteoirí ag roinnt a gcuid taithí.
Cláraigh don seimineár thíos agus cuir isteach aon cheisteanna ar mian leat go ndíreofaí orthu ar an oíche.
(2) The Benefits of Irish Medium 2nd Level Education / Buntáistí an Oideachais Lán-Ghaeilge ag an Dara Leibhéal (T)
Seo taifead de sheimineár ar líne a heagraíodh ar an Luan 23 Márta agus a bhí dírithe ar thuismitheoirí atá ag smaoineamh ar a gclann a chur chuig Gaelcholáiste. Pléadh sa seimineár na príomhúdair imní a bhíonn ag tuismitheoirí.
Éist le príomhoide & iarscoláire gaelcholáiste chomh maith le tuismitheoir ar fhreastal a clann ar an gcóras iar-bhunleibhéil lán-Ghaeilge
(3) Suaimhneas Choirp, Suaimhneas Mheoin, ag cabhrú le páistí beaga deileáil le mothúcháin mhóra
Do mhúinteoirí naíonra agus ranganna naíonán:
Seo taifead de sheimineár ar líne a d’eagraigh Gaeloideachas ar an Déardaoin an 10 Aibreán dírithe ar mhúinteoirí naíonra agus ranganna naíonán. Is í Naomi Ambury, teiripeoir saothair féin-fhostaithe a rinne an cur i láthair. Tá 4 bliana de thaithí ag Naomi ag obair le páistí de gach aois, go háirithe sa mbunscoil. Cuireann sí comhairle ar fáil do thuismitheoirí agus múinteoirí agus oibríonn sí go díreach leis na páistí féin. Oibríonn sí le páistí le néara-éagsúlacht ar nós ADHD nó uathachas den chuid is mó.