Seimineár 01.07.2020: Ar Aghaidh Linn!

by | Jul 8, 2020 | Ginearálta, Muinteoirí, Nuacht ar fad, Tuismitheoirí

Go raibh maith agat as clárú dár seimineár Ar Aghaidh Linn chuig an mBunscoil a bhí ar siúl 01.07.2020. Tá súil againn gur bhain tú tairbhe agus taitneamh as. Tá na sleamhnáin a bhí in úsáid le fáil anseo ar ár suíomh agus tá físeán den taifead ar fáil anseo ar YouTube anois.

Ár leithscéal d’éinne a chaill amach ar an seimineár aréir. Téann roinnt dár ríomhphoist isteach sa mbosca turscair nó margaíochta, faraor.

Guíonn muid gach rath ar do pháiste, tá súil againn go mbeidh sé nó sí sona sásta ar scoil. Má tá ceist ar bith agat maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge nó Gaeltachta, is féidir teagmháil a dhéanamh linn am ar bith. Beidh seisiún eile ar siúl ar an 8 Iúil againn do thuismitheoirí maidir leis an aistriú chuig an iar-bhunscoil má tá suim agat féin nó ag éinne de do chairde ann.