Seol Chughainn Síocháin - dtuí

Féach É sínte an leanbhán dílis. Aililiúia!
Ina luí ar an dtuí go ciúin san oíche. Aililiúia!

Tá Muire agus Iósaf istigh sa chró Leis. Aililiúia!
Agus dar ndóigh tá an t-asal is an bhó ann. Aililiúia!

Gloria in excelsis Deo. Aililiúia!
A chanann na haingil ag móradh Dé dóibh. Aililiúia!

Beannaigh sinn a Íosagáin. Aililiúia!
Seol ó Bheithil chughainn síocháin. Aililiúia!

Focla ar fáil i PDF maisithe ar 🎶 Amhráin na Nollag 👼🎄🎅