Sparánacht nua Féilte fógartha ag an gComhairle Mhúinteoireachta

Oct 21, 2024

Tá sparánacht nua, Féilte, fógartha ag an gComhairle Mhúinteoireachta le déanaí agus tá eolas ina leith ar fáil ar líne anois. Deis iontach a bheidh ann do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bheith ag obair i dteannta a chéile agus comhoibriú idir na leibhéil a spreagadh chomh maith.

Beidh scoileanna in ann iarratas a dhéanamh ar sparánachtaí de €2,000€3,000, agus €5,000 chun tacú le gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla comhoibríocha ina bpobail scoile.

Ní mór do na gníomhaíochtaí a ailíniú le ceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

Pobail Foghlama Gairmiúla a Chruthú: Comhoibriú le scoileanna eile sa cheantar áitiúil chun pobail foghlama gairmiúla a chruthú i dtaca le leasanna oideachais comhroinnte.

Ceardlanna/Imeachtaí a Óstáil: Múinteoirí ó scoileanna éagsúla a thabhairt le chéile chun dea-chleachtais a roinnt agus chun foghlaim óna chéile (lá um fhoghlaim chomhroinnte, mar shampla).

Cuireadh a thabhairt do chainteoirí: A shocrú go dtabharfaidh cainteoir seisiún forbartha nó faisnéise do mhúinteoirí i do scoil nó i gcnuasach scoileanna.

Imeachtaí/Cláir Chomhpháirteacha um Fhorbairt Ghairmiúil: Comhoibriú le scoileanna eile chun imeacht nó clár forbartha gairmiúla a eagrú i ndáil le hábhair cosúil le dearadh uilíoch don fhoghlaim, teicneolaíocht san oideachas, nó cleachtas athchóiritheach.

Staidéar Ceachta a Eagrú: Dul i gcomhpháirtíocht le scoileanna eile chun staidéar ceachta a dhéanamh ina ndéanann múinteoirí foghlaim agus múinteoireacht a phleanáil chomh maith le breathnú agus anailís a dhéanamh orthu.

Má tá aon cheist agat nó má theastaíonn tuilleadh eolais uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta ag feilte@teachingcouncil.ie.

https://www.teachingcouncil.ie/ga/sceim-sparanachtai-feilte-2024/