Speisialtóir d’Fhoghlaim agus Forbairt na Gaeilge sna Luathbhlianta
Ról Speisialtóir d’Fhoghlaim agus Forbairt na Gaeilge sna Luathbhlianta le Tús níos Fearr
Post ag leibhéal Grád 2. Tá gach eolas ar fáil ag an nasc seo.
Tuairisciú chuig Ceannaire Foirne d’Fhoghlaim agus Forbairt na Luathbhlianta Thús Níos Fearr
Cuspóir an Róil
In 2014, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna bhunaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) (RLGÓ roimhe sin) an tSeirbhís Náisiúnta um Fhorbairt Cáilíochta na Luathbhlianta faoi Tús níos Fearr chun an obair a bhain le tacaíochtaí Státmhaoinithe a bhí ann cheana i leith cáilíocht in ionaid luathbhlianta a chomhordú agus chun Seirbhís Speisialtóra na Luathbhlianta a bhainistiú. Oibríonn an tSeirbhís seo le hionaid luathfhoghlama agus cúraim leanaí ar bhunús meantóireachta chun cáilíocht an chleachtais atá leagtha síos i Síolta, An Creat Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige agus in Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige a chur chun cinn agus a fhorbairt.
Is é príomhfhreagracht an Speisialtóra d’Fhoghlaim agus Forbairt na Gaeilge sna Luathbhlianta ná tacaíochtaí a chur ar fáil trasna Tús Níos Fearr féachaint le cinntiú go mbíonn Tús Níos Fearr éifeachtach ag soláthar tacaíochtaí do sheirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.
Cuideoidh an Speisialtóir d’Fhoghlaim agus Forbairt na Gaeilge sna Luathbhlianta le Tús Níos Fearr le go mbeidh ról lárnach acu ag soláthar gníomhaíochtaí an Phlean Chuimsithigh atá ag teacht, ar mhaithe le soláthar na teanga Ghaeilge a fhorbairt tuilleadh san earnáil Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile. Oibreoidh an Speisialtóir d’Fhoghlaim agus Forbairt na Gaeilge sna Luathbhlianta go dlúth le Comhordaitheoir Tacaíochta Gaeilge an Aonaid Cháilíochta laistigh den Rannóg Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile sa RLCMLÓ. Oibreoidh an Speisialtóir d’Fhoghlaim agus Forbairt na Gaeilge sna Luathbhlianta go dlúth freisin le comhghleacaithe trasna raon gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile ag áireamh Coistí Contae & Cathrach um Chúram Leanaí, Eagraíochtaí Náisiúnta Deonacha um Chúram Leanaí agus Eagraíochtaí a thacaíonn leis an nGaeilge (Gaeloideachas agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta). Oibreoidh an Speisialtóir d’Fhoghlaim agus Forbairt na Gaeilge sna Luathbhlianta le hAonad Foghlama agus Forbartha na Luathbhlianta ar sholáthar acmhainní/ábhar don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach um Fhorbairt Cáilíochta trí Ghaeilge, ag áireamh oiliúint trí Ghaeilge agus maoirseacht ar sholáthar acmhainní d’ionaid luathfhoghlama agus cúraim a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Ag tacú le soláthar an tionscadail FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha) in ionaid Luathfhoghlama agus Cúraim.