Spotsolas ar Cheardlanna ó Bláthú 2022
Tá na ceardlanna uile ónár gComhdháil ar RSO, Bláthú 2022, ar fáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas anois. Seo cúpla ceann a bhféadfadh bheith suimiúil do mhúinteoirí:
- Aireachas mar thacaíocht bhreise sa seomra ranga iar-bhunscoile – Katie McGreal, Solas Relaxation
- Forbairt iomlán an dalta le riachtanais speisialta trí úsáid éifeachtach sonraí agus cuir chuige tréadchúraim – Mary Uí Dhaimhín, Coláiste Feirste
- Cluichí agus gníomhaíochtaí súgartha chun tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu – An Dr Ciara Uí Chonduibh, Scoil Uí Ghramhnaigh, Aingeal Nic an tSábhaisigh, an tÁisaonad, agus Áinín Uí Chaiside, Glór na nGael
- Gach páiste a chur san áireamh sa cheacht Gaeilge: ag roinnt dea-chleachtais – An Dr Claire M. Dunne, Institiúid Oideachais Marino agus an Dr Sylvaine Ní Aogáin, Coláiste Mhuire gan Smál