Spraoi 24

Tá SPRAOI’24 seolta go hoifigiúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann – deiseanna iontacha do scoláirí chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn spraíúil agus taitneamhach. Tá na comórtais seo oscailte do scoileanna lán-Ghaeilge AGUS lán-Bhéarla ag an iar-bhunleibhéal.
Táimid ar bís le bheith ag obair le Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Craoltóir agus Láithreoir teilifíse agus raidio le RTÉ RnaG agus TG4, a bheith mar Ambasadóir #Spraoi24 le linn an fheachtais. Seo fiséan ó Mháire Treasa ag seoladh imeachtaí go hoifigiúil anseo
Tá gach eolas ar fáil ag https://events.etbi.ie/SPRAOI24