Spraoi, agus foghlaim, an tSamhraidh – ach seachain na foghlaithe mara!

Jun 19, 2024

Anois go bhfuil na naíonraí agus scoileanna ag dúnadh do laethanta saoire an tSamhraidh is fiú fillteán a bheith réidh dár leanaí óga. Tá bileoga agus leabhráin le dathú, bileoga gníomhaíochtaí, naisc go hamhráin agus go leor eile ar fáil anseo ar ár suíomh GaeilgeDonNaíonra. Fiú do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, go fóill, beidh sé furasta an foclóir a thuiscint leis na híomhánna, comhaid fhuaime agus naisc go Google Aistrigh ar ndóigh! 😎

Hóigh, hóigh! Foghlaithe mara le feiceáil ar an trá!