Staitisticí an Naíonra 2026/27

Fáilte mhór ar ais chuig an Naíonra. Tá muid ag súil le bheith ag obair libh agus ag tacú libh i gcaitheamh na bliana.
Tá Gaeloideachas ag bailiú staitisticí ó na naíonraí. Cuidíonn na staitisticí seo le clár oibre Gaeloideachas agus muid ag abhcóideacht agus ag plé ar son na naíonraí le maoinitheoirí, ranna Stáit agus eagraíochtaí luathbhlianta eile chun tacaíochtaí níos fearr don earnáil a éileamh.
Tá leabhair rollaí, acmhainní agus ábhar bolscaireachta coinníollach ar na staitisticí seo a bheith istigh. Iarrann muid ort an fhoirm thíos a líonadh roimh Aoine 11 Meán Fómhair, le do thoil.