Straitéis DEIS nua go dtí 2035

Tá an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton tar éis infheistíocht de €48 milliún a fhógairt sa Straitéis DEIS nua agus sa scéim DEIS Plus.
Cuirfidh DEIS Plus tacaíochtaí feabhsaithe, spriocdhírithe ar fáil do 121 scoil ina bhfuil an comhchruinniú is airde de leanaí agus daoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
Cuirfidh an plean breis is 400 ról breise ar fáil, lena n-áirítear thart ar 350 múinteoir nua.
I measc na bpríomhbheart tá:
- Infheistíocht mhór chun dul i ngleic leis an míbhuntáiste
- Tacaíocht spriocdhírithe san áit is mó a dteastaíonn sí
- Fíoracmhainní: breis múinteoirí, breis foirne tacaíochta
- Rochtain níos leithne lasmuigh de scoileanna DEIS
- Fís fhadtéarmach le tacaíocht ó ghníomh láithreach
- Maoiniú méadaithe ag dul go díreach isteach i scoileanna
Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos: