Stráitéis Náisiúnta agus Tacaíochtaí Teanga ag teastáil le Tacú le Múinteoirí sa Chóras Tumoideachais

by | Jan 17, 2022 | Ceannlíne, Ginearálta, Múinteoirí, Polasaithe, Preasráitis, Taighdeoirí

“Tacaíonn torthaí taighde a foilsíodh le déanaí maidir le dearcthaí, eispéiris agus tuairimí múinteoirí ábhair i nGaelcholáistí lenár dtuiscint go bhfuil dúshlán mór le heaspa líofachta agus easpa muiníne i measc múinteoirí a mhúineann ábhair eile trí mheán na Gaeilge sa chóras lán-Ghaeilge, dúshlán a chuireann isteach ar chleachtas teagaisc an ranga” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Tá sé aitheanta go forleathan go bhfuil géarchéim san earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ó thaobh líon agus cumas na múinteoirí bheith ag feidhmiú go cumasach trí mheán na Gaeilge, géarchéim atá seacht n-uaire níos measa ag an iarbhunleibhéal agus múinteoirí ag teastáil do raon leathan ábhair.

Aithníonn taighde Uí Ceallaigh agus Uí Chathasaigh dúshláin sna réimsí

  • Inniúlacht teanga an mhúinteora ábhair
  • Teagasc agus foghlaim trí Ghaeilge
  • Cruinneas teanga na scoláirí a cheartú
  • Dúshláin shainiúla an tseomra ranga ábharbhunaithe i nGaelcholáiste
  • Infreastruchtúr tacaíochta.

Léirigh rannpháirtithe an taighde go mbíonn an-imní orthu maidir le réim agus le cruinneas na Gaeilge lasmuigh agus laistigh den seomra ranga agus lochtaigh siad a gcuid inniúlachta féin sa Ghaeilge as bheith míchruinn, meirgeach agus neamhleor. 

Deir Seán Ó hArgáin, Uachtarán Gaeloideachas gur “cúis imní ollmhór é seo don earnáil tumoideachais agus gur léir go bhfuil gá le plé cuimsitheach, tuiscint a mhéadú ar iomlán na ndúshlán, réitigh náisiúnta a mholadh agus guth comhaontaithe a chur chun cinn”.

I measc na moltaí atá ag Gaeloideachas ar an gceist seo áirítear:

  • Go leagfaí síos spriocanna maidir le cumas teanga an mhúinteora, agus go mbeadh cáilíocht sa teanga mar chritéir cheapacháin dóibh siúd a dteastódh uathu a bheith fostaithe sa chóras tumoideachais
  • Go sochrófar caighdeán na Gaeilge a mbeifear ag súil leis agus go ndéanfaí measúnú ar chaighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí ag leibhéal iontrála agus fágála na gclár oiliúna
  • Go mbeadh meicníocht ann chun caighdeán na teanga le linn na gairme mar mhúinteoir á mheas
  • Go mbeadh uirlisí mheasúnaithe comónta á gcur i bhfeidhm ionas go gcinnteofar go mbeidh caighdeán seasta i gceist
  • Go mbeadh tacaíochtaí teanga ar fáil d’ábhair oidí, ar a n-airítear dianchúrsaí, le cinntiú go mbeidh an caighdeán sin bainte amach acu faoin am go dtugann siad faoi mhúineadh sa chóras tumoideachais
  • Go mbeadh breis soláthair ann agus rogha níos fairsinge ann d’oiliúint tosaigh agus d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach don chóras trí mheán na Gaeilge
  • Go mbeadh córas nó gréasán meantóireachta mar chabhair do mhúinteoirí, ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil chomh muiníneach nó atá ag cur tús lena gcuid múinteoireachta
  • An liúntas a thabhairt ar ais do mhúinteoirí sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus é a cheangailt le cáilíocht TEG ag leibhéal sainaitheanta le múinteoirí a spreagadh.

Is léir go bhfuil straitéis náisiúnta de dhíth chun tacú leis an tumoideachas agus le múinteoirí atá ag teagasc sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá súil ag Gaeloideachas  go n-aithneofar an tábhacht a bhaineann leis na moltaí thuas agus moltaí an taighde agus go dtabharfar aghaidh ar bhonn práinneach ar na dúshláin atá ann agus romhainn.

Críoch 

 

Nótaí don eagarthóir 

Teagmháil 

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach | blathnaid@gaeloideachas.ie 

Seán Ó hArgáin, Uachtarán | uachtaran@gaeloideachas.ie 

Anna Ní Chartúir, Oifigeach Caidreamh Poiblí | ocp@gaeloideachas.ie   

 

Gaeloideachas 
Is ceanneagraíocht náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. 
 
Tugann Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta do scoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.