Suaimhneas choirp – suaimhneas mheoin; ag cabhrú le páistí beaga deileáil le mothúcháin mhóra

Apr 4, 2025

SCSM

Ar Déardaoin an 10ú Aibreán idir 19.00-20.00, reáchtálfaidh Gaeloideachas seimineár ar líne do mhúinteoirí naíonra agus naíonáin le Naomi Ambury.

Is teiripeoir saothair féin-fhostaithe í ag obair faoi láthair ó Cill Dara Thuaidh – Cill Droichid agus Maigh Nuad. Tá ceithre bhliana de thaithí aici ag obair le páistí de gach aois ach go háraithe ón mbunscoil. Cuireann sí comhairle ar fáil do thuismitheoirí agus múinteoirí  agus oibríonn sí go díreach leis na páistí féin. Páistí le néara-éagsúlacht ar nós ADHD nó uathachas a fheiceann sí den chuid is mó.

Cláraigh don seimineár thíos agus cuir isteach aon cheisteanna is mian leat a bheith freagartha ar an oíche.

Cur i láthair i nGaeilge a bheidh sa seimineár. Ní bheidh ort do cheamara ná do mhicreafón a úsáid, agus cuirfear taifeadadh den imeacht ar fáil ina dhiaidh.

Cláraigh anseo agus seolfaimid nasc ar ríomhphost chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara go ndúnann an clárúchán ag 16.00 ar an lá.

"*" indicates required fields

Seoladh ríomhphoist*
Scríobh anseo aon cheist atá agat don phainéal. Déanfar iarracht na príomhcheisteanna a fhreagairt ar an oíche.