Suirbhé: Cúrsa Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach do Mhúinteoirí
An múinteoir bunscoile nó iar-bhunscoile lán-Ghaeilge nó Gaeltachta tú? Cad iad na riachtanais forbartha gairmiúla atá agat chun freastal ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu? Glac páirt sa suirbhé seo ar líne: (10-15 nóim) tinyurl.com/y23vnhl7
Tá an Scoil an Oideachais Ionchuimsithigh agus Speisialta agus SEALBHÚ, Institiúid Oideachais, OCBÁC ag dearadh cúrsa fhorbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí maidir le freastal ar riachtanais speisialta oideachais daltaí atá ag foghlaim trí Ghaeilge. Tá an taighde seo maoinithe ag COGG.
Mar chuid de seo, táimid ag iarraidh fáil amach cad iad na riachtanais forbartha gairmiúla atá ag múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile lán-Ghaeilge nó Gaeltachta. Táimid ag tabhairt cuireadh do na múinteoirí seo tabhairt faoi suirbhé ar líne gairid. Beidh deis ag na daoine a líonann an suirbhé freastal ar chúrsa samhraidh faofa ag an Roinn Oideachais saor in aisce.
Ar chríochnú an chúrsa iarrfar ar rannpháirtithe foirm meastóireachta cúrsa a chomhlánú. Cabhróidh sé seo linn fáil amach cad iad na heilimintí maithe don chúrsa agus conas gur féidir linn feabhas a chur ar an gcúrsa. Beidh rannpháirtithe an chúrsa i dteideal chur isteach ar 3 lá saoire pearsanta breise. An féidir leat cabhrú linn an scéal seo a scaipeadh. Tá sé tábhachtach go bhfuil tuairimí agus riachtanais na múinteoirí mar bonn forbartha an chúrsa seo.
Tóg an suirbhé anseo: tinyurl.com/y23vnhl7