Tá an Samhradh linn agus leathanach nua d’áiseanna ar fáil

May 23, 2023

Nach bhfuil sé go deas go bhfuil an teocht tar éis ardú agus na plandaí ar fad faoi bhláth… tá an Samhradh linn faoi dheireadh! Mar is eol do chách beidh laethanta fliucha amach romhainn freisin agus do theaghlaigh le leanaí óga tá leabhrán dathúcháin dosna gasúir is óige agus ceann gníomhaíochtaí dosna cinn sna hard-ranganna, agus sos beag dá dtuistí ar na laethanta sin. Tá sé ar fáil mar PDF ar an leathanach Samhradh na nGael ☀️ Bealtaine, Meitheamh, Iúil, sa Leabharlann Acmhainní, in éindí le háiseanna eile do mhúinteoirí is do thuismitheoirí.