Tacaíocht | Teanga | Tumoideachas

Dec 8, 2025

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil scéim phílótach ag teacht chuig na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Tabharfaidh an scéim seo deis do naíonraí le ballraíocht iarratas a dhéanamh ar thacaíocht a fháil ó thaobh cur chun cinn an tumoideachais sa seomra ranga.

Caithfidh speisialtóir tumoideachais am sa naíonra agus tabharfaidh sé/sí aiseolas, comhairle agus moltaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc na foirne agus na páistí sa naíonra.

Is scéim thacúil agus spreagúil a bheidh sa scéim nua seo, agus bunaíodh í chun béim a chur ar láidreachtaí gach naíonra, seachas laigí. 

Is féidir spéis a léiriú sa scéim trí cheist (8) a fhreagairt ar an bhfoirm thíos. Ní gá é a chomhlíonadh arís más rud é go bhfuil sé déanta agat cheana.

Ba mhaith liom tacaíocht leis an tumoideachas

An Leanbh sa Naíonra / The Child in the Naíonra (Range of subtitles)