Tae agus Plé: Teacht le chéile do thuismitheoirí chun caint faoi eispéireas páistí agus teaghlaigh uathacha san oideachas lán-Ghaeilge
An bhfuil fonn ort bualadh le tuismitheoirí nó cúramóirí eile a bhfuil páistí uathacha acu atá ag freastal ar oideachas lán-Ghaeilge? Fáilte romhat chuig teacht le chéile neamhfhoirmiúil cairdiúil atá á eagrú ag Gaeloideachas i bpáirt le AsIAm ar an 14 Meitheamh ag 19.30 ar Champas Phádraig, DCU, i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath 9.
Céard a tharlóidh ag an teacht le chéile?
Beidh deis bualadh le tuismitheoirí agus cúramóirí eile thar chupán tae nó caife agus eispéiris nó eolas a roinnt ar a chéile, smaointe agus nodanna a mhalartú maidir le bealaí le tacú le bhur bpáistí, nó díreach suí siar agus éisteacht.
Beidh cainteanna an- ghairid ag tús an tseisiúin ó na daoine seo:
- Ciara Ní Bhroin, Gaeloideachas
- Niamh Mellerick, AsIAm
- Naomhán Mhaonaigh, AsIAm agus iar-scoláire an chórais oideachais lán-Ghaeilge
- Julia Cummins, tuismitheoir agus forbóir córais nua AAC
Is trí mheán an Bhéarla den chuid is mó a reáchtálfar an t-imeacht seo, ach breathnófar ar an deis imeacht do thuismitheoirí le Gaeilge a chur ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge amach anseo má tá dóthain éilimh ar a leithéid.
Is tuismitheoir í Julia le beirt pháistí uathacha a labhraíonn ach beagán agus a úsáideann AAC atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá sí ina bunaitheoir agus comhriarthóir ar an ngrúpa Facebook ‘AAC users and Allies Ireland’. Is mac léinn PhD í sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a bhfuil sí mar chuid d’fhoireann atá ag obair ar chóras AAC a fhorbairt don Ghaeilge. Tá Julia paiseanta faoin AAC agus an tionchar ollmhór a d’fhéadfadh a bheith aige ar shaol daoine. Mothaíonn sí go láidir freisin faoi chearta teanga do dhaoine faoi mhíchumas urlabhra.
Cé ar féidir clárú don teacht le chéile?
Tá fáilte roimh thuismitheoirí agus chúramóirí páistí uathacha atá ag freastal ar naíonra, Ghaelscoil nó Ghaelcholáiste clárú le bheith linn. Tá fáilte roimh thuismitheoirí le páistí níos óige a bhfuil suim acu san oideachas lán-Ghaeilge bheith linn freisin.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil spásanna teoranta (50 spás) don ócáid seo agus gur ghá clárú roimh ré. Tá an fhoirm thíos. Dúnfar an clárúchán agus é lán agus eagrófar ócáid eile d’éinne nach n-éiríonn leo spás a fháil.
Cathain?
Dé Céadaoin, 14 Meitheamh 2023
19:30-21:00
Cén áit?
Seomra D205, Bloc D, Campas Phádraig, DCU, Baile Átha Cliath 9
Léarscáil: https://www.dcu.ie/campus-maps#bootstrap2
Tá Bloc D in aice leis an leabharlann.
Tá Gaeloideachas an-bhuíoch as tacaíocht ón Ollamh Pádraig Ó Duibhir, Sealbhú, le héascú na hócáide seo.
Má tá breis eolais uait, déan teagmháil le:
Ciara Ní Bhroin, Gaeloideachas | 01 805 7736 | ciara@gaeloideachas.ie
Tae agus Plé (Tuismitheoirí páistí uathacha)