Tae & Plé i Naíonra Naithí

Bí linn!
Tae & Plé i Naíonra Naithí, Baile Átha Cliath
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh cruinniú na míosa seo ar siúl ag 3pm Dé Máirt, 27.01.2026 i Naíonra Naithí, Scoil Naithí, Bóthar Átha Leathan, Baile an tSaoir, Baile Átha Cliath 16, D16 EK63.
Seo deis do mhúinteoirí naíonra teacht le chéile agus cúrsaí reatha an Naíonra a phlé.
Is deis iontach líonrú é agus aithne a chur ar mhúinteoirí eile. Fáilte mhór roimh mhúinteoirí nuacháilithe, freisin. Cuirfear lón ar fáil. Is gá clárú tríd an nasc thíos.
Ag súil go mór le tú a fheiscint ann,
Katie agus Foireann Gaeloideachas