Fógra Poist: Riarthóir Airgeadais agus Oifige

Fógra Poist: Riarthóir Airgeadais agus Oifige

Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT) / An Crann Taca, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh iarratais ar phost mar Riarthóir Airgeadais agus Oifige. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh airgeadais agus obair oifige an ITT, faoi stiúir an Bhainisteora. Ní mór d’iarrthóirí taithí riaracháin a bheith acu, agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse ina bhuntáiste. Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach don phost.

Fógra Poist: Riarthóir Airgeadais agus Oifige

Fógra Poist: Leas-Bhainisteoir Cúraim Leanaí

Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT) / An Crann Taca, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh iarratais ar phost mar Leas-Bhainisteoir Cúraim Leanaí. Beidh an té a cheapfar freagrach as cabhrú le riaradh agus bainistiú sheirbhísí an ITT ina n-iomláine, idir na seirbhísí naíolainne, naíonraí, chlubanna bricfeasta agus seirbhísí iarscoile. Ní mór d’iarrthóirí taithí sa réimse cúraim leanaí a bheith acu agus cáilíocht Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí (QQI/FETAC nó a chomhionann). Tá caighdeán maith Gaeilge riachtanach don phost.

Folúntas: Cúntóir Naíonra i mBÁC6

Post lánaimseartha: 5 lá sa tseachtain, 8.40 – 12.00, i Naíonra Mológa. Obair as Gaeilge. Árdchaighdeán sa Ghaelige labhartha. Árdchaighdeán cúraim, sábháilteacha, oideachais agus folláine ann dos na leanaí a fhreastalaíonn ar an tseirbhís. CDBO Leibhéal 5 nó...