Tagaigí is Bígí ag Canadh Linn: Dáta Nua ar an gCeardlann Amhránaíochta

Dec 9, 2019

Bígí linn   2

Táimid ar ais leis an gceardlann thuas an tseachtain seo!

Tugaimid cuireadh do stiúrthóirí agus múinteoirí naíonra bailiú in Oifig Gaeloideachas (Léarscáil anseo: D09K4P6) an Céadaoin seo, 11 Nollaig, ag 17:00 – 18:30pm le cúpán tae a ól, pióga míonra a ithe agus amhrán na Nollag a chanadh!

Beimid ag múineadh cúpla amhrán nua daoibh le hatmaisféar na Nollag a chruthú sa seomra naíonra ag druidim i dtreo deireadh na bliana.

Más mian libh, tabhair libh bhur n-amhráin nó dánta féin le roinnt ar mhúinteoirí naíonraí eile, agus éinne atá toillteanach cur lenár gCnuasach Amhrán do Naíonra, beidh deis taifead fuaime a dhéanamh!

Mura bhfuil tú ar fáil le freastal an Déardaoin seo chugainn, is féidir libh bhur n-amhráin a sheoladh chuig jill@gaeloideachas.ie nó fiú na cinn nua a bhéas á mbailiú an tseachtain seo chugainn a fháil ar SoundCloud.

Tá an ócáid seo saor in aisce – ní gá ach clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig Jill jill@gaeloideachas.ie

Moltar duit do gheansaí Nollag agus do hata Saintí a chaitheamh!